Comhairliúcháin Réamh-Uachtaránachta leis na Páirtithe Leasmhara

An tAire McEntee ag bualadh le mic léinn in UCC.
Chabhraigh raon éagsúil guthanna ó gach cearn de shochaí na hÉireann le forbairt thosaíochtaí agus chlár beartais Uachtaránacht na hÉireann a mhúnlú.

Bhí forbairt chlár Uachtaránachta na hÉireann á treorú ag próiseas comhairliúcháin cuimsitheach agus oscailte, trína ndéarna an rialtas an méid seo a leanas:

  • Tuairimí, moltaí agus machnaimh bailithe ar an gcaoi is fearr ar féidir le hÉirinn a ról Uachtaránachta a chomhlíonadh

  • Cinntíodh go raibh dearcthaí éagsúla ó gach cearn de shochaí na hÉireann mar bhonn eolais ag clár beartais na hUachtaránachta

  • Sainaithníodh saincheisteanna, téamaí agus réimsí beartais ar fud an Aontais Eorpaigh ar cheart aird ar leith a thabhairt orthu le linn Uachtaránacht na hÉireann

Comhairliúcháin Struchtúrtha leis na Páirtithe Leasmhara

I gcaitheamh an fhómhair, 2025, thug na hAirí faoi chlár de chomhairliúcháin struchtúrtha le páirtithe leasmhara baile le hionadaithe ón lucht gnó, ón tsochaí shibhialta, ó

cheardchumainn, agus ó ghrúpaí páirtithe leasmhara eile. Chabhraigh aiseolas feasach agus éagsúil a fuarthas ó na comhairliúcháin le forbairt chlár Uachtaránachta na hÉireann a mhúnlú. D'athdhearbhaigh na comhairliúcháin spéis láidir na bpáirtithe leasmhara i rannchuidiú le hUachtaránacht Éireannach rathúil agus leag siad béim ar ionchais shoiléire go gcuirfidh Éire clár oibre Uachtaránachta cothrom, bunaithe ar luachanna agus réamhbhreathnaitheach chun cinn in 2026.

Glao Oscailte ar Aighneachtaí

Sheol an rialtas comhairliúchán poiblí oscailte go déanach in 2025 lena chinntiú go bhféadfadh an pobal agus grúpaí leasmhara a dtuairimí a nochtadh go díreach i bhforbairt chlár Uachtaránachta na hÉireann.

Fuair an comhairliúchán 484 aighneacht ó dhaoine aonair, ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ó ghnólachtaí, ón lucht acadúil, agus ó chomhlachtaí ionadaíocha. Cé go ndeachaigh na freagróirí i ngleic leis na saincheisteanna ó pheirspictíochtaí earnála agus geografacha éagsúla, tháinig roinnt conclúidí soiléire agus comhsheasmhacha chun cinn. Ba théamaí móra iad iomaíochas agus fás eacnamaíoch, luachanna, sláinte agus folláine, agus athléimneacht ar tharraing freagróirí aird orthu.

Tá Tuarascáil Théamach Achomair ar na haighneachtaí ar fáil le léamh thíos agus tá rochtain ar na haighneachtaí chuig an gcomhairliúchán trí thairseach chomhairliúcháin gov.ie.

Tuarascáil Théamach Achomair

  • Summary Thematic Report - Public Consultation on the Development of the Priorities and Policy Programme for Ireland’s Presidency of the Council of the European Union 2026 (2).pdf (1)

  • Achoimre ar an Tuarascáil Théamach - Comhairliúchán Poiblí maidir le Forbairt an Chláir Tosaíochtaí agus Beartais d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, 2026.pdf (1)

Rannpháirtíocht na hÓige agus na hOllscoile

Bhí ról lárnach ag daoine óga i bhforbairt chlár Uachtaránachta na hÉireann. Faoin gCreat Náisiúnta Rannpháirtíochta, dearadh seisiún 2025 de Sheanad na nÓg (seanad óige na hÉireann) chun tuairimí, eispéiris agus tosaíochtaí 55 thoscaire ó gach cearn d'Éirinn a léirú roimh Uachtaránacht na hÉireann.

Chabhraigh an comhairliúchán lena chinntiú go raibh guthanna daoine óga mar bhonn eolais ag forbairt chlár Uachtaránacht na hÉireann ar an AE. Chuir toscairí óige Sheanad na nÓg a gcuid torthaí agus moltaí faoi bhráid an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Helen McEntee TD agus an Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha agus Cosaint, an tAire Byrne TD.