Tá an creidiúnú ar fáil ar ardán oifigiúil creidiúnaithe Uachtaránacht na hÉireann.
Lean na treoracha a thugtar sa treoir seo maidir le creidiúnú do na meáin.
Tabhair faoi deara nach bhfuil an ardán creidiúnaithe nó an treoir ar fáil ach i mBéarla amháin.
Beidh an t-ardán creidiúnaithe gníomhach ar feadh thréimhse Uachtaránacht na hÉireann. Is éard a bheidh i gceist leis an bpróiseas iarratas tosaigh ar chreidiúnú d’Uachtaránacht na hÉireann, agus próiseas clárúcháin ar leith ina dhiaidh sin do gach imeacht ar leith ar mian leat freastal air.
Moltar d’ionadaithe na meán iarratas a dhéanamh ar chreidiúnú i bhfad roimh na himeachtaí atá beartaithe acu a chumhdach toisc go bhféadfadh sé go dtógfadh an phróiseáil thart ar 21 lá féilire ón dáta a chuirtear an t-iarratas isteach.
Creidiúnú le haghaidh Imeachtaí na hUachtaránachta san Eoraip
Chun críche creidiúnaithe chun imeachtaí agus cruinnithe Uachtaránacht na hÉireann 2026 a thionólfar sa Bhruiséil, in Strasbourg agus i Lucsamburg a chumhdach, ní mór d’ionadaithe na meán iarratas a chomhlánú ar ardán creidiúnaithe Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Suaitheantas Creidiúnaithe
Ní mór na suaitheantais chreidiúnaithe a bhailiú i Lárionad Meán Uachtaránacht na hÉireann, Caisleán Bhaile Átha Cliath, ar Shráid San Werburgh.
Chun rochtain a fháil ar an lárionad meán, beidh ar ionadaithe preasa a bhfuil a gcreidiúnú faighte acu deimhniú digiteach an chreidiúnaithe fhormheasta a thabhairt ar aird ag an bpointe slándála agus a suaitheantais a bhailiú ón deasc chreidiúnaithe. Ní chuirfear suaitheantais ar fáil ach amháin nuair a chuirfear foirm de chárta aitheantais bailí agus de chárta dintiúr preasa ar fáil.
I gcás imeachtaí a reáchtálfar lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, beidh pointí bailithe ar leithligh ar fáil.
Is suaitheantais phearsanta iad na suaitheantais chreidiúnaithe agus ní féidir iad a aistriú. Má chailltear iad, ní mór teagmháil a dhéanamh le [email protected]
Déanfar gach suaitheantas caillte a chur ar ceal agus a atheisiúint.
Teagmhálaí Creidiúnaithe
Ní mór gach fiosrúchán a sheoladh chuig: [email protected]
Ceisteanna Coitianta
-
Ní mór d’ionadaithe na meán ar mian leo imeachtaí Uachtaránacht na hÉireann in Éirinn a chlúdach gach céim den phróiseas creidiúnaithe a chur i gcrích: creidiúnú ginearálta d’Uachtaránacht na hÉireann 2026 agus clárú ar leithligh do gach imeacht de chuid na hUachtaránachta. Ní mór creidiúnú do na himeachtaí sin go léir a chomhlánú ar ardán oifigiúil creidiúnaithe Uachtaránacht na hÉireann 2026.
Maidir le creidiúnú chun imeachtaí agus cruinnithe Uachtaránacht na hÉireann a thionólfar sa Bhruiséil, in Strasbourg agus i Lucsamburg a chlúdach, beidh gá le hiarratas ar leith ar ardán creidiúnaithe Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Is í Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh a bhainistíonn an próiseas creidiúnaithe sin ina iomláine agus ar leithligh.
-
A luaithe is a bheidh an t-iarratas próiseáilte, gheobhaidh tú fógra tríd an ardán creidiúnaithe agus trí ríomhphost chuig an seoladh a tugadh tráth an chlárúcháin. Má ghlactar le d’iarratas, iarrfar ort clárú le haghaidh imeachtaí de chuid na hUachtaránachta a bheidh ar siúl in Éirinn idir mí Iúil agus mí na Nollag 2026. Beidh an rogha agat clárú le haghaidh aon líon imeachtaí a reáchtálfar in Éirinn.
-
Moltar go láidir iarratas a dhéanamh go luath ar chreidiúnú ginearálta d’imeachtaí Uachtaránacht na hÉireann 2026 toisc go bhféadfadh sé go dtógfadh an phróiseáil thart ar 21 lá féilire. Ní ghlacfar le hiarratais ar chreidiúnú déanach.
Má dheonaítear d’iarratas ar chreidiúnú ginearálta, beidh tú in ann clárú d’imeachtaí aonair nó d’imeachtaí iomadúla ag an am céanna tríd an ardán creidiúnaithe.
Gheobhaidh tú deimhniú clárúcháin ansin le haghaidh gach imeachta a d’iarr tú a bheith i láthair. Ar mhaithe le pleanáil, molaimid duit do spéis a chlárú le haghaidh na n-imeachtaí ábhartha uile atá beartaithe agat a chlúdach roimh ré.
-
Ní ráthaítear creidiúnú ach iarratas a chur isteach chun imeachtaí Uachtaránacht na hÉireann 2026 a chumhdach. Mar gheall ar na próisis chasta fíorúcháin, is fearr é a chinntiú go gcuirfear isteach na doiciméid bhailí uile is gá in éineacht leis an iarratas ag an gcéad chéim.
D’fhéadfadh sé go dtógfadh sé thart ar 21 lá féilire an t-iarratas ar chreidiúnú a phróiseáil ón dáta a chuir tú d’iarratas isteach. Ní féidir nuashonruithe fíor-ama a sholáthar maidir le hiarratais ar chreidiúnú le linn an ama próiseála. A luaithe is a bheidh d’iarratas próiseáilte, gheobhaidh tú fógra tríd an ardán creidiúnaithe agus trí ríomhphost ina gcuirfear an toradh in iúl duit.
Ní bhíonn an creidiúnú críochnaithe ach amháin nuair a fhaigheann tú ríomhphost lena ndeimhnítear gur deonaíodh é. Beidh do stádas creidiúnaithe le feiceáil ar an ardán creidiúnaithe freisin mar stádas ‘deonaithe’.
-
Ní foláir [email protected] a chur ar an eolas láithreach, agus úsáid a bhaint as an líne ábhair ‘Práinneach: Suaitheantas Creidiúnaithe Caillte’.
Tabhair faoi deara nach féidir rochtain a fháil ar ionaid meán uile Uachtaránacht na hÉireann 2026 i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna eile in Éirinn ach amháin trí shuaitheantas clóite a thabhairt ar aird.
-
Is i gcomhréir le Rialachán Ginearálta an Aontais maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) a láimhseáiltear na sonraí pearsanta uile.