Grianghraf agus físeán

Lógó uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an AE
Cuireann Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh grianghraif agus físeáin ar fáil ó chruinnithe aireachta neamhfhoirmiúla, cruinnithe mullaigh, comhdhálacha agus imeachtaí eile a bhaineann leis an Uachtaránacht.

Is féidir leat teacht ar íomhánna digiteacha agus píosaí scannánaíochta sna háiteanna seo a leanas ar líne:

• Tá grianghraif agus físeáin ghearra le fáil ar chuntas Flickr Uachtaránacht na hÉireann 2026

• Ar chainéal YouTube Uachtaránacht na hÉireann, sruthófar an fístaifeadadh a dhéanfar agus cuirfear ar fáil ar an gcainéal é ionas go bhféadfar breathnú air níos déanaí

• Tá grianghraif agus físeáin ó imeachtaí le linn Uachtaránacht na hÉireann le fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle an Aontais Eorpaigh freisin

• Tá beoshruthú agus fístaifeadadh d’imeachtaí roimhe seo le fáil ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Craolacháin Eorpaí (EBS)

Coinníollacha Úsáide

Féadfaidh gach eagraíocht agus gníomhaireacht meán úsáid a bhaint as an ábhar grianghrafadóireachta agus físe a chuireann Uachtaránacht na hÉireann ar an AE ar fáil, saor in aisce, le haghaidh cúrsaí eagarthóireachta agus neamhthráchtála, agus lena n-aghaidh sin amháin, ach aitheantas soiléir a thabhairt don fhoinse agus don ghrianghrafadóir.