Inbhuanaitheacht

Teach Farmleigh
Tá Éire ar a seacht dícheall Uachtaránacht a thabhairt chun críche ina bhfuil cleachtais inbhuanaithe leabaithe i ngach gné de phleanáil agus seachadadh na gcruinnithe agus na n-imeachtaí.

San áireamh leis sin, tá bearta chun an tionchar ar an gcomhshaol a íoslaghdú, astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, sin agus rannchuidiú le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

Ar mhaithe leis an tiomantas sin a athdhearbhú, tá Beartas Inbhuanaitheachta forbartha againn le haghaidh Uachtaránacht na hÉireann ar an AE. Is é príomhchuspóir an bheartais ná tacú le cruinnithe agus imeachtaí na hUachtaránachta a eagrú ar bhealach chomh hinbhuanaithe agus is féidir. Tá cúrsaí inbhuanaitheachta sóisialta san áireamh leis sin agus beidh sé i gcomhréir leis an reachtaíocht agus na beartais ábhartha.

Leis an mbeartas seo a chur chun feidhme agus béim a chur ar an inbhuanaitheacht in eagrú imeachtaí na hUachtaránachta, tá sé i gceist cur chuige inbhuanaithe maidir le bainistiú imeachtaí a chur chun cinn ar fud na seirbhíse poiblí chomh maith le forbairtí dearfacha breise a spreagadh sa réimse seo.

Is ar na príomhréimsí seo a leanas a dhíríonn an beartas:

1. Iompar

Rud tábhachtach a bheidh le cur sa mheá maidir le gach cruinniú agus imeacht is ea tionchar an iompair ar an gcomhshaol a íoslaghdú. I gcás inar féidir, spreagfar daoine le taisteal gníomhach a dhéanamh, agus, mar chuid de sin, le húsáid a bhaint as iompar poiblí. Chun tacú leis an méid sin, cuirfear eolas faoi iompar poiblí ar fáil do na rannpháirtithe roimh ré. Soláthrófar seirbhísí iompair i gcomhréir le ceanglais náisiúnta maidir le Soláthar Poiblí Glas.

2. Ionaid Cruinnithe

Déanfar éifeachtúlacht fuinnimh a uasmhéadú in ionaid atá faoi úinéireacht an Stáit i gcomhréir leis an Sainordú maidir le Gníomhú ar son na hAeráide san Earnáil Phoiblí. I gcás roghnú na n-ionad tráchtála, is iad an treoraíocht agus na critéir maidir le Soláthar Poiblí Glas atá eisithe ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a threoróidh an roghnú sin. Déanfar inrochtaineacht na n-ionad cruinnithe a mheas go cúramach le linn phróiseas eagrúcháin na gcruinnithe agus na n-imeachtaí.

3. Lóistín

I gcás inar féidir, roghnófar lóistín i ndlúthghaireacht do shuíomhanna na n-imeachtaí agus feadh bealaí iompair phoiblí chun taisteal gníomhach a spreagadh. Moltar óstáin a bhfuil dintiúir ghlasa aitheanta acu a chur in áirithe do na toscairí a bheidh ar cuairt a mhéid is féidir.

4. Bia agus Deoch

Is deis í an Uachtaránacht léiriú a thabhairt ar bhia Éireannach, inbhuanaithe, ardchaighdeáin a tháirgeann cuideachtaí a bhfuil dintiúir inbhuanaitheachta fíoraithe acu. Beidh an soláthar bia agus dí dírithe ar an inbhuanaitheacht i gcomhréir leis na ceanglais náisiúnta maidir le Soláthar Poiblí Glas.

Úsáidfear táirgí áitiúla agus séasúracha i ndáil leis sin freisin. Nuair is féidir, is táirgí orgánacha a bheidh i 10% ar a laghad de bhia, de réir luacha. Laghdófar an úsáid a bhaintear as earraí aon uaire chun dramhaíl neamhriachtanach a sheachaint.

5. Ábhair Chlóite agus Trealamh

Déanfar úsáid na n-ábhar clóite a choinneáil chomh híseal agus is féidir le linn na hUachtaránachta. Sa chás go gcaithfear páipéar a úsáid, déanfaimid iarracht páipéar athchúrsáilte a úsáid, priontáil ar an dá thaobh agus dúch dubh & bán a roghnú. I gcás inarb ábhartha, fiosrófar an bhféadfaí trealamh TFC athmhonaraithe a úsáid, ríomhairí glúine san áireamh.

6. Marsantacht

Déanfar soláthar lárnach mharsantacht na hUachtaránachta, agus stáiseanóireacht san áireamh, a sholáthar i gcomhréir le critéir náisiúnta maidir le Soláthar Poiblí Glas. Is rud é sin a thacóidh le cleachtais tomhaltais agus táirgthe inbhuanaithe.

Gradam um Inbhuanaitheacht Uachtaránacht an AE, 2027

Chun rannpháirtíocht a spreagadh agus chun tacú le cuspóirí an Bheartais Inbhuanaitheachta, bronnfar Gradam tiomnaithe um Inbhuanaitheacht Uachtaránacht an AE mar chuid de Ghradaim na Seirbhísí Poiblí Níos Fearr, 2027. Aithneoidh an gradam seo iad siúd a léirigh gníomhaíocht agus tiomantas láidir maidir le cruinniú nó imeacht inbhuanaithe a reáchtáil.

Deimhniúchán na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO)

Déanfaidh Aonad Bainistithe Imeachtaí Oifig na nOibreacha Poiblí athbhreithniú ar a chórais um bainistiú inbhuanaitheachta imeachtaí agus cuirfidh sé feabhas orthu mar ullmhúchán d’Uachtaránacht na hÉireann. Le linn na hUachtaránachta, féachfaidh Oifig na nOibreacha Poiblí le feabhas a chur ar chórais thábhachtacha um inbhuanaitheacht imeachtaí faoi chuimsiú phróiseas deimhniúcháin na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO).

Beartas Inbhuanaitheachta d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh