Uachtaránacht na Comhairle? Céard é féin?
Is í an uachtaránacht a eagraíonn cruinnithe na Comhairle.
Cinntíonn an uachtaránacht go dtugtar cluas do thíortha uile an Aontais.
Bíonn an uachtaránacht ar a seal féin ag gach tír ar feadh 6 mhí.
Is ag Éirinn atá uachtaránacht na Comhairle faoi láthair.
Beidh an uachtaránacht sin aici ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2026.
Is ag an gCipir a bhí an uachtaránacht roimpi.
Is ag an Liotuáin a bheidh an uachtaránacht i ndiaidh na hÉireann.
Tá liosta iomlán uachtaránachtaí na Comhairle le fáil ag an nasc seo.
An tAontas Eorpach? Céard é féin?
Is grúpa de 27 dtír san Eoraip an tAontas Eorpach.
Bíonn na tíortha seo ag obair le chéile ionas gur fearrde an saol do dhaoine.
Mar shampla, is tíortha san Aontas Eorpach iad an Fhrainc, an Ghearmáin agus Éire.
‘An tAontas’ go díreach a thugtar go minic ar an Aontas Eorpach.
Leagan soléite – an tAontas Eorpach.
Comhairle an Aontais Eorpaigh? Céard é féin?
Is anseo a bhíonn na rialtais náisiúnta ag obair i dteannta a chéile.
Is cuid den Aontas Eorpach í Comhairle an Aontais Eorpaigh.
‘An Chomhairle’ go díreach a thugtar go minic ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Sa Chomhairle, pléann agus cinneann na rialtais dlíthe a bhaineann leis an Eoraip.
Sa Chomhairle, tagann na rialtais le chéile i ngrúpaí beaga. Aon ábhar amháin a phléifear i ngach grúpa acu.
Mar shampla, pléifidh grúpa amháin an t-athrú aeráide, agus pléifidh grúpa eile an geilleagar.
Bíonn an uachtaránacht ar a seal féin ag gach tír ar feadh 6 mhí. Ansin, beidh seal ag tír éigin eile ar feadh 6 mhí eile.