Amharc-aithne agus lógó

Lógó phreasidéacht na hÉireann ar Chomhairle an AE
Leagann amharc-aithne Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh béim ar idirspleáchas agus idirnascthacht Bhallstáit uile an Aontais.

Tá struchtúr bíse an réaltnéil le feiceáil ar an lógó oifigiúil, réaltnéal ar thángthas air den chéad uair in Éirinn sna 1840idí ag baint úsáid as an Mórtheileascóp i gCaisleán Bhiorra. Tá an patrún spreagtha ag saothar dealbhóireachta Éireannach freisin a léiríonn nasc le siombailí ársa na hÉireann, agus é athléirithe ar bhealach nua-aimseartha. Tá gach géag aonair den bhís 27 ndiosca ina siombail de 27 mBallstát de chuid an Aontais. Is éard atá sa spás a d’eascair as sin sa lár ná réalta cúig phointe, ar siombail ó bhratach an Aontais Eorpaigh í. Tá gorm, glas agus flannbhuí ina siombail ar stát na hÉireann agus ar an Aontas Eorpach araon.

Is é mana Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh:

Ní neart go cur le chéile - Strength with unity.

Leagtar amach sa mhana fís atá dírithe ar dhaoine agus atá dírithe ar an todhchaí don Aontas bunaithe ar thrí chroíthéama: iomaíochas, luachanna agus slándáil. Cuirtear i láthair i nGaeilge agus i mBéarla é. Is í Uachtaránacht 2026 an chéad Uachtaránacht ina mbainfear úsáid as an nGaeilge ó tugadh aitheantas di mar theanga oibre iomlán de chuid an Aontais Eorpaigh in 2022.