Cuirfidh an tÓstchraoltóir an t-ábhar seo a leanas ar fáil tríd an Seirbhís Craolacháin Eorpach (EBS) agus tríd an suíomh gréasáin seo:
• Daoine a bheith ag teacht
• Daoine a bheith ag croitheadh láimhe le chéile
• Ráitis tairsí
• Tour de table (roimh an gcruinniú)
• Grianghraif den ghrúpa
• Preasócáidí
Beidh an t-ábhar thuasluaite ar fáil san Ionad Preasa trí bhíthin scáileán agus mar fhíschomhartha leathanbhanda beo d’fhonn taifeadadh a dhéanamh trí úsáid a bhaint as trealamh pearsanta.
Beifear in ann ábhar an Óstchraoltóra a úsáid saor in aisce chun cuspóirí eagarthóireachta agus neamhthráchtála a chur i gcrích.
Ba cheart aon cheist faoi sheirbhísí an óstchraoltóra a chur trí scríobh chuig [email protected] nó chuig [email protected].