Fianáin a bhainistiú

Léaráid de líonra digiteach agus cruth léarscáil na hEorpa uirthi
Maidir leis na fianáin a úsáideann an Chomhairle chun críoch anailísíochta is le toiliú uait féin amháin a shocraítear iad. Is í an Chomhairle atá i gceannas go huile agus go hiomlán ar na sonraí sin.

Cad is fianáin ann?

Is éard is fianán ann téacschomhad beag a shábhálann suíomh gréasáin ar do ríomhaire nó ar do ghléas soghluaiste nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh sin.

Sa Chomhairle, úsáidimid fianáin ar dhá phríomhchúis:

  • le tuarascálacha staitistiúla anaithnidithe a chur ar fáil faoi lucht féachana an tsuímh gréasáin

  • le feidhmiúlachtaí ábhair agus feidhmíocht theicniúil an tsuímh gréasáin a bharrfheabhsú

Ní mór a lua go ndéantar anaithnidiú ar an bhfaisnéis ar fad a bhailímid trí fhianáin.

Ina theannta sin, ní stóráiltear an fhaisnéis seo ach ar feadh tréimhse theoranta ama a bheidh ag brath ar an gcineál fianán, agus ar feadh 13 mhí, ar a mhéad.

Is le toiliú uait féin agus sa chás sin amháin a shocraítear na fianáin a úsáideann an Chomhairle chun críoch anailísíochta. Is í an Chomhairle atá i gceannas go huile agus go hiomlán ar na sonraí sin.

Cén úsáid a bhainimid as fianáin?

Baineann an Chomhairle úsáid as fianáin ó uirlisí anailísíochta gréasáin Piano Analytics agus Hotjar le staitisticí comhiomlánaithe anaithnidithe a bhailiú faoi eispéireas an úsáideora. Go sonrach, sonraí faoin méid seo:

  • méadracht: cuairteanna, amhairc leathanaigh, an méid ama a caitheadh ar leathanach, cuairteoirí (idir shean agus nua), seinm na bhfíseán

  • faisnéis faoi chrua-earraí agus faoi bhogearraí: feistí, brabhsálaithe agus córais oibriúcháin

  • suíomh: teoranta d’ilchríocha, do thíortha, do réigiúin agus do chathracha (ní úsáidtear geoshuíomh GPS)

  • foinsí tráchta ar shuíomh gréasáin na Comhairle: suíomhanna gréasáin seachtracha, innill chuardaigh, ríomhphost, na meáin shóisialta

  • íoslódálacha: comhaid PDF a bhíonn i gceangal le preaseisiúintí agus le ríomhleabhair a fhoilsíonn an Chomhairle

  • IPanna (mar a luadh thuas, iad go léir anaithnidithe)

Is é an réamhshocrú atá ann nach ndéanann Piano Analytics ná Hotjar rianú ar thaithí brabhsála na gcuairteoirí ar an suíomh gréasáin seo. Féadfaidh tú, áfach, má thograíonn tú é, d’eispéireas brabhsála ar an suíomh gréasáin seo a roinnt linn go mbeimid in ann staitisticí comhiomlánaithe a chur ar fáil.

Má roghnaíonn tú Ná Rianaigh sa bhrabhsálaí gréasáin atá á úsáid agat, glacfaimid leis sin agus ní dhéanfar aon rianú ar d’eispéireas brabhsála ar mhaithe lenár gcuid staitisticí comhiomlánaithe.

Ina theannta sin, féadfaidh tú diúltú don rianú sin ag Piano Analytics agus Hotjar le rogha an diúltaithe atá ar fáil ag bun an leathanaigh seo nó trí chliceáil ar ‘Ní ghlacaim ach leis na fianáin riachtanacha’ agus cuairt á tabhairt den chéad uair agat ar shuíomh gréasáin Uachtaránacht na hÉireann. Chun a bheith cinnte nach gcuirfear an cheist chéanna ort faoi dhó, úsáidimid cineál áirithe fianáin freisin a dhéanfaidh taifead ar do rogha (rogha an diúltaithe/rogha an ghlactha).

Déantar gach cumarsáid sonraí anailísíochta a chriptiú trí phrótacal HTTPS.

Ina theannta sin, baineann an Chomhairle úsáid as an tseirbhís CloudFlare chun am lódála a suímh gréasáin a fheabhsú – le gur tapúla a chuirfear ábhar ar fáil duitse. Cinntíonn CloudFlare freisin gur fearr an tslándáil ghréasáin a bhíonn ann le linn do chuairte.

Fianáin ó thríú páirtithe

Piano Analytics

  • pcid: sannann sé seo aitheantas don chuairteoir. Déantar é a scriosadh go huathoibríoch tar éis 13 mhí

  • pctx: áirithíonn sé seo comhleanúnachas an eolais a bhailíonn Piano Analytics. Déantar é a scriosadh go huathoibríoch tar éis 13 mhí

  • pprv: cláraíonn sé seo an toiliú le húsáid fianán. Déantar é a scriosadh go huathoibríoch tar éis 13 mhí

Hotjar

  • hjSession: déanann sé seo sainiú ar an seisiún agus cinntíonn sé go sanntar iarratais don seisiún sin. Téann sé in éag tar éis 30 nóiméad

  • hjSessionUser: socraítear é seo nuair a thagann an t-úsáideoir chuig leathanach den chéad uair, cinntíonn sé go sanntar na sonraí ó chuairteanna ina dhiaidh sin ar an suíomh céanna don aitheantas úsáideora céanna. Téann sé in éag tar éis 12 mhí

CloudFlare

  • cf_bm: aithníonn sé seo agus maolaíonn sé seo an trácht uathoibrithe chun an suíomh gréasáin a chosaint ar dhrochbhotaí. Ní dhéanann Cloudflare rianú ó shuíomh go suíomh ná ó sheisiún go seisiún ar an úsáideoir. Ní fhreagraíonn an fianán cf_bm d'aon aitheantas úsáideora ná d'aon aitheantóir eile agus téann sé in éag tar éis 30 nóiméad de neamhghníomhaíocht leanúnach ag an úsáideoir

  • cf_clearance: stórálann sé seo an cruthúnas gur sáraíodh an dúshlán a tugadh. Úsáidtear an fianán seo le cinntiú nach n-eisítear dúshlán eile má tá an fianán ann

Fianáin chéadpháirtí

  • consilium.language: coinníonn sé seo taifead ar an teanga a roghnaíonn an t-úsáideoir. Téann sé in éag tar éis 12 mhí

Coinneáil sonraí

Coinnítear na sonraí a bhailítear trí Piano Analytics ar feadh uastréimhse 25 mhí agus stóráiltear ar fhreastalaithe iad atá lonnaithe in Bordeaux na Fraince.

Conas fianáin a rialú

Féadfaidh tú na fianáin a rialú agus/nó a scriosadh de réir mar a thogróidh tú. Féadfaidh tú na fianáin uile atá ar do ríomhaire cheana a scriosadh agus féadfaidh tú tromlach na mbrabhsálaithe a shocrú chun nach bhféadfar iad a chur ar do ríomhaire.

Eolas faoi fhianáin

Fianáin a bhainistiú ar do bhrabhsálaí

Le formhór na mbrabhsálaithe, féadfar:

  • na fianáin atá agat a fheiceáil agus iad a scriosadh ar bhonn indibhidiúil

  • bac a chur ar fhianáin ó thríú páirtithe

  • bac a chur ar fhianáin ó shuíomh ghréasáin ar leith

  • bac a chur ar na fianáin uile ionas nach bhféadfar iad a shocrú

  • na fianáin uile a scriosadh nuair a dhúnfaidh tú do bhrabhsálaí

Má chinneann tú na fianáin a scriosadh, bíodh a fhios agat go gcaillfear do roghanna.

Chomh maith leis sin, má chuireann tú bac iomlán ar fhianáin, tá roinnt mhaith suíomhanna gréasáin nach n-oibreoidh i gceart (an ceann seo againne ina measc) agus ní oibreoidh na craoltaí gréasáin ar chor ar bith. Is ar na cúiseanna sin a mholaimid duit gan diúltú d'fhianáin agus na seirbhísí craolta ar an ngréasán againne á n-úsáid agat.

Rogha diúltaithe do Piano Analytics agus Hotjar

Do stádas reatha: ROGHA AN GHLACTHAROGHA AN DIÚLTAITHE

Trí ROGHA AN DIÚLTAITHE a chumasú, tuigim go gcomhairfear mé mar úsáideoir nach mian leis/léi go gcoinneofaí súil air/uirthi, agus nach mbeidh comhaireamh ar mo chuid sonraí brabhsála i dtaca leis an suíomh gréasáin seo sna sonraí arna dtuairisciú ag Piano Analytics agus Hotjar.

Trí ROGHA AN GHLACTHA a chumasú, tuigim go bhfaighidh mé fianáin nua de chuid Piano Analytics agus Hotjar, rud a fhágann go mbaileofar sonraí brabhsála de chuid an úsáideora i dtaca leis an suíomh gréasáin seo.