Ó shéadchomharthaí ársa agus tírdhreacha cósta, go nuálaíocht den chéad scoth sa teicneolaíocht, sa taighde, sa bhia agus sna tionscail chruthaitheacha, is tír í Éire ina suíonn traidisiún agus samhlaíocht taobh le taobh.
Tá an tuiscint ar an nasc sin i saol na hÉireann, ó chultúr agus spórt, go gnó, eolaíocht agus gnóthaí domhanda. Imríonn Éire tionchar ar an saol mór i bhfad i gcéin, cothaithe ag spiorad na cruthaitheachta agus na scéalaíochta, agus muinín as an méid is féidir a thógáil le chéile.
Féach thart ar Ireland.ie
Is é Ireland.ie láithreán gréasáin idirnáisiúnta oifigiúil de chuid Rialtas na hÉireann. Tá sé á bhainistiú agus á choimeád ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála thar ceann Rialtas na hÉireann.
Cuireann Ireland.ie eolas oifigiúil ar fáil faoi phasanna, comhairle taistil, agus seirbhísí consalachta thar lear, agus óstálann sé láithreáin ghréasáin líonra domhanda na hÉireann ina bhfuil 100+ Ambasáid agus Consalacht. Tacaíonn an t-ardán le leasanna idirnáisiúnta na hÉireann ach Éire a chur chun cinn mar áit chun cuairt a thabhairt uirthi, staidéar a dhéanamh inti, infheistíocht a dhéanamh inti agus gnó a dhéanamh inti, agus scéalta a thaispeáint faoi ról agus tionchar na hÉireann ar fud an domhain.