Is in aice Chaisleán Bhaile Átha Cliath, mar a mbeidh bunáite chruinnithe na hUachtaránachta ar siúl, atá an tIonad Méan, rud a fhágann é a bheith lonnaithe in áit chaoithiúil. Áit oibre ghairmiúil, fheidhmiúil, fháilteach is ea é inar féidir obair iriseoireachta a dhéanamh gan bhac. Rinneadh athchóiriú iomlán air d’fhonn saoráid nua-aimseartha a dhéanamh de chun freastal ar riachtanais Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Na saoráidí atá san Ionad Meán
Ionad creidiúnaithe meán
Deasca eolais
Stáisiúin oibre
Bothanna taifeadta
Proinnteach
Tá níos mó 50 stáisiún oibre san ionad meán. Ar gach ceann de na stáisiúin oibre úd tá na fearais oifige uile is gá chun obair a dhéanamh, agus d’fhéadfadh breis stáisiúin oibre a bheith ann dá mba ghá. Ina cheann sin, is féidir rochtain a fháil ar an idirlíon tríd an gcóras Wi-Fi agus tríd an líonra achair logánta, tá córas fógartha poiblí ann, agus tá printéir/fótachóipirí ilfheidhmeanna ann. Beidh foireann tacaíochta teicniúla ar leith ar fáil san ionad meán chun cúnamh a thabhairt do dhaoine.
Riarfar sneaiceanna, sóláistí agus deochanna teo saor in aisce na laethanta a mbeidh cruinnithe na n-airí ar siúl.
Sonrófar uaireanta oscailte an ionaid meán sa nóta eolais a thabharfar do mhuintir sin na meán a bheidh ag freastal ar chruinnithe nó imeachtaí ardleibhéil.
Ionaid Meán Shealadacha
I gcás líon teoranta cruinnithe ardleibhéil a reáchtálfar ar fud na hÉireann, is amhlaidh, mar a thugtar le fios i bhféilire na gcruinnithe, a bhunófar ionaid meán shealadacha. Beidh na saoráidí úd ag feidhmiú ó thus deireadh na gcruinnithe ábhartha, agus i gcaitheamh an ama sin amháin. Beidh eolas ar fheidhmiú na n-ionad meán sin le fáil sa nóta eolais a thabharfar do mhuintir sin na meán a bheidh ag freastal ar chruinnithe nó imeachtaí ardleibhéil.
Tiomsú acmhainní meán agus agallaimh
Cuirfidh foireann an ionaid meán socrú ar bun d’fhonn go bhféadfaidh na meáin a gcuid acmhainní a thiomsú. Ina theannta sin, comhordóidh sí iarrataí ar agallaimh. Féadfar teacht ar bhreis eolais ar conas is féidir clárú don tiomsú sin ach cuairt a thabhairt ar an Deasc Eolais.
Breis eolais
Chun teacht ar bhreis eolais, féach leathanach na n-imeachtaí ar an suíomh gréasáin seo d’fhonn a bheith bord ar bord leis an eolas is déanaí, agus/nó déan teagmháil le Foireann Preasa na hUachtaránachta trí úsáid a bhaint as an seoladh ríomhphoist seo a leanas: [email protected].