Cé a dhéanann bainistíocht ar an suíomh gréasáin seo?
Aonad Cumarsáide na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a chuireann ábhar an tsuímh gréasáin seo ar fáil:
Aonad Cumarsáide na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
Teach Uíbh Eachach
80 Faiche Stiabhna
Baile Átha Cliath 2
D02 VY53
Is í Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh (an Ardrúnaíocht) a dhéanann bainistíocht ar chothabháil theicniúil an tsuímh gréasáin agus is í atá freagrach as an gcothabháil sin.
Is ag Ardrúnaíocht na Comhairle atá suíomh gréasáin Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh á óstáil.
Ardrúnaíocht na Comhairle
Rue de la Loi/Wetstraat 175
B-1048 Bruxelles/Brussel – Belgique/België
Naisc sheachtracha
Tá naisc ar an suíomh gréasáin seo chuig suíomhanna gréasáin tríú páirtí nach í Uachtaránacht na hÉireann atá freagrach astu.
Ní ghlacfaidh Uachtaránacht na hÉireann freagracht ar bith as ábhar agus feidhmiúlachtaí na suíomhanna gréasáin thuasluaite, tá a n-úsáid faoi réir a dtéarmaí úsáide agus a ráiteas príobháideachais féin, agus moltar duit iad sin a léamh.
Maoin intleachtúil agus cóipcheart
Is leis an Ardrúnaíocht nó le hUachtaránacht na hÉireann a bhfuil sa suíomh gréasáin seo, eadhon aon téacsanna, íomhánna, físeáin nó lógónna, sin nó rinneadh a gcearta a cheadúnú nó a dheonú don Uachtaránacht.
Údaraítear an t-ábhar a atáirgeadh ach an fhoinse a admháil, mura sonraítear a mhalairt.
I gcás inar gá cead a fháil roimh ré chun atáirgeadh a dhéanamh ar fhaisnéis théacsach ilmheán (fuaimeanna, íomhánna, bogearraí, etc.), nó chun an fhaisnéis sin a úsáid, cealóidh an réamhchead sin an cead ginearálta thuasluaite agus déanfaidh sé aon srian úsáide a bhaineann léi a léiriú go soiléir.
Agus an suíomh gréasáin seo á cheadú
Ní mór don úsáideoir an suíomh gréasáin seo a úsáid go freagrach, níor cheart don úsáideoir leanúnachas, sláine ná cáilíocht a acmhainní agus a fheidhmiúlachtaí a chur i mbaol, ná cur isteach ar chearta agus/nó ar chumas úsáideoirí eile an suíomh gréasáin seo a úsáid.
Ní cheadaítear aon fhaisnéis ná aon ábhar ar le tríú páirtithe iad, nó nach bhfuil cearta úsáide ag an úsáideoir ina leith, a thaispeáint, amhail ábhar atá faoi chosaint cóipchirt tríú páirtí nó ábhar ina bhfuil sonraí pearsanta tríú páirtí.
Tá toirmeasc sainráite ar an suíomh gréasáin a úsáid chun aon chineál ábhair, comhad nó clár a d’fhéadfadh cur isteach ar fheidhmiúlacht an tsuímh gréasáin nó aon trealaimh eile, iad a scriosadh nó teorainn a chur leo a sholáthar nó a aistriú.
Aiseolas
Bheimis buíoch díot dá bhféadfá a chur in iúl dúinn má tá ábhar na suíomhanna gréasáin ar phostálamar nasc chucu míchuibhiúil ar bhealach ar bith.
Inis dúinn freisin má tá rud ar bith ar an suíomh gréasáin féin atá lochtach, as dáta, neamhiomlán nó dothuigthe. Cuir ríomhphost chuig foireann na hÉireann.
Príobháideachas sonraí
Ráiteas maidir le bailiú agus úsáid sonraí pearsanta.
Teangacha
Tá an suíomh gréasáin seo ar fáil i dtrí cinn de theangacha: Béarla, Gaeilge agus Fraincis.
Chun go mbeidh rochtain ar an ábhar i dteangacha oifigiúla eile an Aontais, bainfidh suíomh gréasáin Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh úsáid freisin as aistriúchán uathoibríoch a chuirtear ar fáil leis an uirlis eTranslation, seirbhís a chuireann an Coimisiún Eorpach ar fáil. Ní bheidh Uachtaránacht na hÉireann freagrach as an aistriúchán uathoibríoch a dhéanfaidh eTranslation ar shuíomh gréasáin Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Béasaíocht idirlín
Táimid ag tnúth le plé beo bríomhar idir úsáideoirí ar na leathanaigh atá ar na meáin shóisialta againn. Iarraimid ort béasa idirlín a bheith agat agus tá sé de cheart againn postálacha drochbhéasacha a scriosadh, gan údar a thabhairt, más gá sin a dhéanamh.
Séanadh dlíthiúil
Is mar sheirbhís phoiblí a chuirtear an t-eolas atá ar an suíomh gréasáin seo ar fáil. Cé go rabhthas cúramach agus téacsanna oifigiúla á dtras-scríobh agus eolas agus ábhar á bhfíorú, ní bheidh oifigí rialtais na hÉireann faoi dhliteanas ar shlí ar bith i leith an eolais a chuirtear ar fáil ar líne ná i leith chruinneas an eolais sin.
Féadfar an fhaisnéis agus na doiciméid atá ar fáil ar an suíomh gréasáin seo a athrú nó a nuashonrú tráth ar bith.
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir a ráthú gurb ionann go baileach an leagan de théacs atá ar fáil ar líne agus an leagan a glacadh go hoifigiúil. Maidir le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, ní mheastar gur leagan barántúil aon leagan ach amháin an leagan leictreonach a fhoilsítear san eagrán leictreonach den Iris Oifigiúil.
Ní féidir, in imthosca ar bith, freagracht a chur ar oifigí rialtais na hÉireann as damáiste ar bith, de chineál ar bith, a eascraíonn as léirmhíniú nó úsáid faisnéise agus/nó doiciméad atá ar fáil ar an suíomh gréasáin seo.
Tacaíocht theicniúil ar an suíomh gréasáin seo
Is í an Ardrúnaíocht atá freagrach as an gcur chun feidhme, cothabháil agus tacaíocht theicniúil do shuíomh gréasáin Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
Is é an sprioc atá ann an briseadh soláthair de bharr earráidí teicniúla a laghdú oiread agus is féidir. Mar sin féin, d'fhéadfadh sé tarlú gur cruthaíodh nó go ndearnadh struchtúrú i gcomhaid nó i bhformáidí nach bhfuil saor ó earráidí ar roinnt sonraí nó roinnt faisnéise atá ar an suíomh agus ní fhéadfaimid a ráthú nach gcuirfidh fadhbanna den sórt sin isteach ar an tseirbhís nó nach gcuirfear as di ar bhealach ar bith eile.
Triailfimid aon earráidí a chuirtear in iúl dúinn a cheartú. Mar sin féin, ní bheidh an Ardrúnaíocht faoi dhliteanas i leith aon damáiste a eascraíonn go díreach nó go hindíreach as úsáid an tsuímh seo.
Earráidí teicniúla ar an suíomh gréasáin seo a thuairisciú d’Ardrúnaíocht na Comhairle