Iarraimid ar na húsáideoirí ar mian leo teagmháil a bheith ar na meáin shóisialta acu le hUachtaránacht na hÉireann cloí leis na rialacha a leagtar amach faoi seo. Forchoimeádann an Uachtaránacht an ceart postálacha nach gcloíonn leis na rialacha a scriosadh agus/nó a thuairisciú, agus ní gá di cúis ar bith a thabhairt faoi seo.
Is éard a iarraimid leis na rialacha béasaíochta le haghaidh idirghníomhaíocht an úsáideora le cuntais meán sóisialta Uachtaránacht na hÉireann, go mbeadh an tuin agus an teanga múinte i gcónaí agus nach bhfoilseofaí postáil ar bith:
a léiríonn drochmheas nó a dhéanann ionsaí ar dhaoine, ar ghrúpaí eitneacha, ar chreideamh, ar roghanna ó thaobh gnéis, ar fhéiniúlacht inscne nó ar roghanna polaitiúla, nó a bhfuil gnéithe pornagrafaíochta, clúmhilleadh, teanga dímheasúil, foréigean ó bhéal, bagairt, nó sárú ar chóipcheart nó ar aon cheart eile a dhéanann difear do dhaoine nó d’eintitis
ina bhfuil eolas nach fíor nó a chuirfeadh duine amú
ina bhfuil gnéithe den choiriúlacht nó a chuireann coiriúlacht i leith duine nó grúpa daoine (agus sa chás sin déanfar na postálacha féin a thuairisciú freisin)
nach mbaineann le hábhar (mar shampla, slabhraí turscair nó nótaí tráchta a bheith á n-úsáid)
a bhfuil cosúlacht aici le postálacha a foilsíodh cheana agus atá á bhfoilsiú arís agus arís eile.
I gcás nach gcloítear go docht leis na rialacha thuas, forchoimeádann Uachtaránacht na hÉireann an ceart postálacha a scriosadh nó a cheilt gan fógra a thabhairt roimh ré agus bac a chur ar úsáideoirí a sháraíonn na rialacha.
Séanadh
Is iad na húsáideoirí féin atá freagrach as na postálacha a dhéanann siad agus as an ábhar atá iontu. Trí theagmháil a dhéanamh le hUachtaránacht na hÉireann ar na cainéil meán sóisialta atá aici aithníonn na húsáideoirí go hintuigthe go bhfuil siad ar an eolas faoi na rialacha a leagtar amach thuas agus go nglacann siad leo.