Éire san Aontas Eorpach

Lógó uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an AE
Ar an 1 Iúil 2026, glacfaidh Éire le huachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh don chúigiú huair, agus beidh sí i gceannas ar a cuid oibre ar feadh sé mhí.

Éire san AE

Chuaigh Éire isteach sna Comhphobail Eorpacha, arb iad an tAontas Eorpach anois iad, an 1 Eanáir 1973 i dteannta na Danmhairge agus na Ríochta Aontaithe. Ón uair sin i leith, tá ról tábhachtach ag ballraíocht na hÉireann san AE i bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialta na tíre, agus, thairis sin, tá caidreamh déthaobhach na hÉireann le tíortha ó gach cearn den Eoraip á neartú go tréan. Is ball dícheallach gníomhach den Aontas Eorpach í Éire agus bíonn sí ag obair i ndlúthchomhar leis na Ballstáit eile d’fhonn comhar, rathúnas comhroinnte agus luachanna Eorpacha comhchoiteanna a chur chun cinn.

Ballstát forásach ar imeall iarthar na hEorpa

De bharr bhallraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach, tá athrú eacnamaíoch agus sóisialta nach beag tagtha ar an tír, rud a fhágann í a bheith ina tír leathanaigeanta, nua-aimseartha ina bhfuil geilleagar a bhfuil ceangal idir é agus críocha an domhain mhóir. D’éis reifreann a bhí ar siúl in 1972, chuaigh Éire isteach sna Comhphobail Eorpacha, agus bunáite an phobail i bhfách leis sin, agus tá ról gníomhach aici i bhforbairt an chomhair is an cheaptha beartas Eorpaigh riamh ó shin.

Ós oileán ar imeall iarthar na hEorpa í a bhfuil naisc thrasatlantacha agus dhomhanda láidre aici leis an domhan cláir, tá ionad suaithinseach ag Éirinn san Aontas Eorpach. Rannchuidíonn sí le réimsí iomadúla, an trádáil, an ghníomhaíocht i leith an athraithe aeráide, an nuálaíocht dhigiteach, taighde, comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta agus an comhtháthú sóisialta san áireamh, agus, thairis sin, baineann sí leas as an taithí atá aici ar shíocháin agus athmhuintearas a chothú chun tacú le ról an AE i ndáil le síocháin, cobhsaíocht, daonlathas agus ord náisiúnta atá bunaithe ar rialacha a chur chun cinn i gcéin is i gcóngar.

Chuaigh Éire i gceann na hUachtaránachta ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh den chéad uair in 1975 agus, ó shin i leith, chuaigh sí i gceann an róil in 1979, in 1984, in 1990, in 1996, in 2004 agus in 2013.

Clocha míle ríthábhachtacha

  • 1973: Éire a dhul isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE), arb é an tAontas Eorpach anois é, an 1 Eanáir d’éis reifreann a bheith ann inar thug bunáite an phobail le fios go rabhadar i bhfách le ballraíocht san CEE.

  • 1975: Éire a dhul i gceann na hUachtaránachta ar Chomhairle na gComhphobal Eorpach den chéad uair.

  • 1979: Saoránaigh na hÉireann a ghlacadh páirt sna chéad toghcháin dhíreacha chuig Parlaimint na hEorpa.

  • 1990: Le linn cheathrú Uachtaránacht na hÉireann ar an gComhairle, comhaontú a dhéanamh ar chur chuige Eorpach comhchoiteann i leith athaontú na Gearmáine agus i leith an chaidrimh leis an Eoraip Láir agus an Eoraip Thoir d’éis thitim an Chuirtín Iarainn.

  • 1992: Vótálaithe na hÉireann a ghlacadh le Conradh Maastricht, lenar bunaíodh an tAontas Eorpach agus lenar réitíodh an bealach don Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.

  • 2002: Éire a ghlacadh leis an euro mar a hairgeadra náisiúnta, agus í a dhul isteach sa limistéar euro i dteannta 11 Bhallstát eile.

  • 2004: Éire a dhul i gceann na hUachtaránachta ar an gComhairle le linn an mhéadaithe is mó riamh ar an AE, agus 10 mBallstát úra a dhul isteach san Aontas.

  • 2007: An Ghaeilge ina teanga oifigiúil agus oibre den Aontas Eorpach, agus díolúintí sealadacha ann i leith roinnt próisis institiúideacha den AE.

  • 2013: 40 bliain ó shin is ea a chuaigh Éire isteach san Aontas Eorpach agus is aici a bhí an Uachtaránacht ar an gComhairle den seachtú huair in 2013.

  • 2022: Na díolúintí sealadacha i leith úsáid na Gaeilge in institiúidí an AE a theacht chun críche, agus an Ghaeilge ar comhchéim le teangacha oifigiúla agus oibre eile an AE feasta.

  • 2023: 50 bliain ó shin is ea a chuaigh Éire isteach san Aontas Eorpach agus í an clár AE50 a scaipeadh ar fud na tíre d’fhonn machnamh ar thionchar dearfach bhallraíocht na tíre san AE ar an uile ghné de shochaí na hÉireann.

  • 2026: Éire a dhul i gceann na hUachtaránachta ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh den ochtú huair.

Éire in Institiúidí an AE

Parlaimint na hEorpa

Tá 720 Feisire de Pharlaimint na hEorpa (FPEnna) i bParlaimint na hEorpa. Is iad na saoránaigh ó gach ceann de 27 mBallstát an AE a thoghann go díreach iad chun ionadaíocht a dhéanamh ar a leasanna i gcinnteoireacht an AE.

Faoi láthair, tá 14 Feisire de Pharlaimint na hEorpa ag déanamh ionadaíocht ar Éirinn sa téarma ó 2024 go 2029. Tá na Feisirí sin na hÉireann ina mbaill de ghrúpaí polaitiúla éagsúla den Pharlaimint. Is de réir cleamhnacht pholaitiúil, agus ní de réir náisiúntachta, a eagraítear na grúpaí polaitiúla sin.

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Déanann Comhairle an Aontais Eorpaigh ionadaíocht ar rialtais na mBallstát. Tagann Airí ó gach tír de thíortha an AE le chéile i bhfoirmíochtaí éagsúla den Chomhairle ag brath ar an réimse beartais atá á phlé, gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais, an comhshaol, gnóthaí ceartais agus baile, an talmhaíocht, an t-iomaíochas agus an t-iompar san áireamh.

I dteannta Pharlaimint na hEorpa, déanann an Chomhairle caibidlíocht ar reachtaíocht an AE, mar aon lena glacadh, comhordaíonn sí beartais na mBallstát i réimsí sonracha, glacann sí buiséad an AE, tugann sí comhaontuithe idirnáisiúnta i gcrích agus cuidíonn sí le beartas eachtrach agus slándála an AE a mhúnlú.

An Uachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Is faoi uachtaránacht rothlach a fheidhmíonn Comhairle an Aontais Eorpaigh, agus an Uachtaránacht ar a seal féin ag gach Ballstát ar feadh tréimhse sé mhí. Ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2026, rachaidh Éire i gceann na hUachtaránachta ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh den ochtú huair.

Le linn na hUachtaránachta, déanfaidh Airí de chuid na hÉireann cathaoirleacht ar chruinnithe den Chomhairle ar réimsí beartais éagsúla, cuideoidh siad le dul chun cinn a dhéanamh i leith na caibidlíochta ar reachtaíocht an AE, agus tacóidh siad leis an gcomhar idir na Ballstáit agus institiúidí an AE. Chuaigh Éire i gceann na hUachtaránachta roimhe seo in 1975, in 1979, in 1984, in 1990, in 1996, in 2004 agus in 2013.

An Coimisiún Eorpach

Is é an Coimisiún Eorpach comhlacht feidhmiúcháin an Aontais Eorpaigh. Molann sé reachtaíocht, seasann sé le conarthaí an AE, déanann sé maoirseacht ar chur chun feidhme dhlí agus beartais an AE, bainistíonn sé buiséad an AE agus déanann sé ionadaíocht ar an Aontas ar bhonn idirnáisiúnta i réimsí iomadúla.

Sa Choimisiún, tá Coimisinéir amháin ó gach ceann de Bhallstáit an AE, ar a dtugtar Coláiste na gCoimisinéirí i dteannta a chéile. Cuireann Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh réimsí beartais sonracha de chúram ar gach Coimisinéir.

Coimisinéirí Eorpacha na hÉireann

Is é Michael McGrath an Coimisinéir Eorpach reatha ó Éirinn. Ó bhí 2024 ann, tá sé ina Choimisinéir um an Daonlathas, an Ceartas agus an Smacht Reachta agus um Chosaint Tomhaltóirí.

Ón uair a chuaigh sí isteach sna Comhphobail Eorpacha, tá na Coimisinéirí Eorpacha seo a leanas ainmnithe ag Éirinn:

  • Patrick Hillery – Gnóthaí Sóisialta (1973–1977)

  • Richard Burke – Cánachas, Gnóthaí Tomhaltóirí agus Iompar (1977–1981; 1982–1985)

  • Michael O’Kennedy – an Pearsanra agus an Riarachán (1981–1982)

  • Ray MacSharry – an Talmhaíocht agus an Fhorbairt Tuaithe (1989–1993)

  • Pádraig Flynn – Gnóthaí Sóisialta agus Fostaíocht (1993–1999)

  • David Byrne – an tSláinte agus Cosaint Tomhaltóirí (1999–2004)

  • Charlie McCreevy – an Margadh Inmheánach agus na Seirbhísí (2004–2010)

  • Máire Geoghegan-Quinn – Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht (2010–2014)

  • Phil Hogan – an Talmhaíocht agus an Fhorbairt Tuaithe (2014–2019); Trádáil (2019–2020)

  • Mairead McGuinness – Cobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil (2020–2024)

  • Michael McGrath – Daonlathas, Ceartas, an Smacht Reachta agus Cosaint Tomhaltóirí (ó bhí 2024 ann)

Buanionadaíocht na hÉireann chuig an Aontas Eorpach

Is é atá i mBuanionadaíocht na hÉireann chuig an Aontas Eorpach, atá lonnaithe sa Bhruiséil, misean taidhleoireachta na hÉireann chuig an AE. Bíonn an Bhuanioadaíocht ag obair i ndlúthchomhar le hinstitiúidí an AE agus le Ballstáit eile chun leasanna na hÉireann a chur chun cinn agus a chur chun tosaigh sna réimsí uile de bheartas an AE.

Bíonn oifigigh ó ranna Rialtais éagsúla ag obair laistigh den Bhuanionadaíocht agus déanann siad ionadaíocht ar Éirinn sa chaibidlíocht agus sa phlé i meithleacha, coistí agus cruinnithe na Comhairle in institiúidí uile an AE. Bíonn ról comhordúcháin lárnach ag an mBuanionadaíocht freisin le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Is í an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála atá freagrach go príomha as caidreamh na hÉireann leis na hinstitiúidí Eorpacha agus as comhordú a dhéanamh ar bheartais na hÉireann i leith an AE i réimsí uile an Rialtais. Áiríodh leis sin freisin na hullmhúcháin i gcomhair Uachtaránacht na hÉireann ar an AE in 2026. Is i ndlúthchomhar le Roinn an Taoisigh a dhéantar an obair úd.