Freagracht maidir le cosaint sonraí
Ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha atá aitheanta nó inaitheanta; is é sin, duine is féidir a shainaithint trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm nó uimhir aitheantais, nó do cheann amháin nó níos mó de ghnéithe a bhaineann go sonrach lena gcéannacht.
Déanfaidh Uachtaránacht na hÉireann agus Ardrúnaíocht na Comhairle cúram de na sonraí pearsanta a bhailítear ar an suíomh seo.
Is í Uachtaránacht na hÉireann atá freagrach as gach ábhar cosanta sonraí a bhaineann leis an ábhar a fhoilsítear ar an suíomh gréasáin seo, lena n-áirítear úsáid téacsanna, grianghraf agus físeán, agus úsáid breiseán meán sóisialta.
Is í Ardrúnaíocht na Comhairle atá freagrach as gach ábhar cosanta sonraí a bhaineann le húsáid fianán agus síntiús chun nuashonruithe ríomhphoist a fháil ar an suíomh gréasáin seo.
1. Cosaint sonraí ag Oifigí rialtais na hÉireann (Uachtaránacht na hÉireann)
Is í Uachtaránacht na hÉireann atá freagrach as gach ábhar cosanta sonraí a bhaineann leis an ábhar a fhoilsítear ar an suíomh gréasáin seo, lena n-áirítear úsáid téacsanna, grianghraf agus físeán, agus úsáid breiseán meán sóisialta.
Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as breiseáin meán sóisialta le beocht a chur san ábhar a chuirimid ar fáil tríd an gcumarsáid a dhéanaimid leis an úsáideoir, do leithéid féin.
Baineann Uachtaránacht na hÉireann úsáid as na breiseáin meán sóisialta seo a leanas ar an suíomh gréasáin seo:
Instagram
X
LinkedIn
YouTube
Flickr
Bainimid úsáid as réiteach an dá chlic, mar a thugtar air. Is éard a chiallaíonn sé sin nach dtarchuirtear aon sonraí pearsanta chuig soláthraithe na mbreiseán nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh gréasáin seo. Ní tharchuirfear do shonraí pearsanta chuig soláthraí breiseán ach amháin má chliceálann tú ar an gcnaipe meán sóisialta. Déanfaidh an soláthraí faoi seach na sonraí a stóráil ansin (sna Stáit Aontaithe i gcás soláthraithe sna Stáit Aontaithe).
Ba mhaith le hUachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a chur in iúl go sainráite go stórálann na líonraí sóisialta sonraí a gcuid úsáideoirí (mar shampla, a gcuid faisnéise pearsanta, seoladh IP, etc.) i gcomhréir lena dtreoirlínte faoi seach maidir le húsáid sonraí agus go n‑úsáideann siad na sonraí sin chun críoch tráchtála. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bpróiseáil a dhéanann na líonraí sóisialta ar shonraí, cliceáil ar na naisc seo a leanas:
Níl smacht ar bith ag Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ar aon bhailiú a d’fhéadfadh na líonraí sóisialta a dhéanamh ar do chuid sonraí-se, ná ar na sonraí a bhailíonn na líonraí sin ná ar an gcaoi a n-úsáidtear na sonraí sin.
Níl Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh in ann méid, suíomh ná fad na coinneála sonraí a chinneadh, ná fios a bheith aici a mhéid a chomhlíonann na líonraí sóisialta na ceanglais maidir le sonraí a léirscriosadh, ná an chaoi a ndéantar sonraí a mheas agus a nascadh ná cé leis a roinntear iad.
Dá bhrí sin, iarrann Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ort na sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú do na líonraí sóisialta a sheiceáil go cúramach agus an suíomh gréasáin seo á úsáid agat.
D'fhéadfadh naisc chuig suíomhanna gréasáin eile a bheith ar an suíomh gréasáin seo freisin. Níl smacht ar bith ag Uachtaránacht na hÉireann ná ag Ardrúnaíocht na Comhairle ar na suíomhanna sin. Dá bhrí sin, moltar duit na beartais phríobháideachais atá acu a sheiceáil.
Bunús dlí
Déanfaidh Uachtaránacht na hÉireann do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhonn an mhéid seo a leanas:
Airteagal 6(1)(a) de RGCS, ar choinníoll gur thoiligh tú leis an méid sin,
Airteagal 6(1)(b) de RGCS, más gá sonraí a phróiseáil chun conradh a chomhlíonadh nó chun beart a dhéanamh sula ndéantar conradh,
Airteagal 6(1)(c) de RGCS, más gá sonraí a phróiseáil chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuilimid faoina réir a chomhlíonadh,
Airteagal 6(1)(d) de RGCS, más gá sonraí a phróiseáil chun leasanna ríthábhachtacha an duine atá i gceist nó leasanna duine nádúrtha eile a chosaint,
Airteagal 6(1)(e) de RGCS, más gá sonraí a phróiseáil chun cúram a chur i gcrích a shanntar dúinn ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil (e.g. freagairt d’iarrataí teagmhála).
Teagmháil
Tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an údarás maoirseachta um chosaint sonraí faoi phróiseáil do chuid sonraí pearsanta (Airteagal 77 de RGCS).
Seo a leanas an t-údarás maoirseachta atá in Éirinn:
An Coimisiún um Chosaint Sonraí
6 Rae Pheambróg
Baile Átha Cliath 2
D02 X963
Éire
Ríomhphost: [email protected]
2. Cosaint sonraí ag Ardrúnaíocht na Comhairle (an Ardrúnaíocht)
Ar an suíomh gréasáin seo, is faoi chúram Ardrúnaíocht na Comhairle atá na hoibleagáidí cosanta sonraí a bhaineann le húsáid fianán agus bainistiú an chórais síntiúis le haghaidh foláireamh ríomhphoist.
Nuair a dhéantar rochtain ar an bhfaisnéis atá ar fáil ar an suíomh gréasáin seo nó tríd an suíomh gréasáin seo, bailíonn an Ardrúnaíocht do sheoladh anaithnidithe IP agus faisnéis faoi do shuíomh geografach (ilchríoch, tír, réigiún, cathair) trí fhianáin a úsáid.
Chun clárú leis an gcóras foláirimh ríomhphoist atá ar an suíomh gréasáin seo, iarrtar ort do sheoladh ríomhphoist a chur ar fáil.
Tá tuilleadh eolais faoi chosaint na sonraí pearsanta a ndéanann an Ardrúnaíocht próiseáil orthu anseo:
Pointí teagmhála maidir leis na sonraí pearsanta a ndéanann an Ardrúnaíocht próiseáil orthu
Chun na cearta atá agat a fheidhmiú nó chun tuilleadh eolais a fháil, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis na daoine atá freagrach as próiseáil sonraí in Ardrúnaíocht na Comhairle. Féadfaidh tú dul i gcomhairle le hoifigeach cosanta sonraí na Comhairle chun tuairim a fháil maidir le próiseáil do chuid sonraí:
Déan teagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí na Comhairle: [email protected]
Má chreideann tú go ndearnadh sárú ar do chearta agus do chuid sonraí pearsanta á bpróiseáil, féadfaidh tú é sin a chur in iúl don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, arb é an t-údarás maoirseachta neamhspleách é.
Déan teagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí: [email protected]