Comhairle an AE – Cad a dhéanann sí?
Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh ar cheann de sheacht n-institiúid an AE. Tugtar “an Chomhairle” uirthi de ghnáth. Déanann sí ionadaíocht ar rialtais na mBallstát agus is príomhchomhlacht cinnteoireachta de chuid an Aontais í. Tagann airí 27 mBallstát an Aontais le chéile sa Chomhairle, agus i measc na bpríomhchúraimí atá uirthi tá na nithe seo a leanas:
Dlíthe an Aontais a chaibidliú agus a ghlacadh in éineacht le Parlaimint na hEorpa (ar “comhreachtóir” í), tar éis don Choimisiún Eorpach togra a chur faoina mbráid siúd.
Beartais na mBallstát a chomhordú i roinnt réimsí beartais.
Comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais a mhúnlú, bunaithe ar threoir pholaitiúil agus treoirlínte na Comhairle Eorpaí.
Buiséad bliantúil an Aontais a ghlacadh i gcomhar le Parlaimint na hEorpa.
Rannchuidiú le comhaontuithe idir an tAontas, tíortha nach Ballstáit iad agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích.
Tagann an Chomhairle le chéile i 10 bhfoirmíocht éagsúla agus comhfhreagraíonn gach ceann acu don réimse beartais a bhíonn á phlé inti. Bíonn ionadaí ag gach Ballstát, ag brath ar an bhfoirmíocht, agus is é an tAire atá freagrach as an réimse beartais ábhartha a dhéanann an ionadaíocht sin.
Mar shampla, nuair a phléann an Chomhairle cúrsaí fuinnimh, tagann sí le chéile faoi fhoirmíocht na Comhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (“an Chomhairle TTE”) agus déanann Aire Fuinnimh gach Ballstáit ionadaíocht ar a Bhallstát féin.
Uachtaránacht Chomhairle an AE – Cad iad príomhchúraimí na hUachtaránachta?
Is freagracht mhór é Uachtaránacht na Comhairle a bheith ag Ballstát. Ní mór don Bhallstát a bhfuil an Uachtaránacht aige gníomhú mar idirghabhálaí macánta de mheon an chomhair dhílis, rud a chinntíonn leanúnachas in obair an Aontais sa Chomhairle.
Go praiticiúil, is éard atá i gceist léi ná go ndéanfaidh Éire obair na Comhairle a phleanáil agus a stiúradh le linn a hUachtaránachta sé mhí, go gcinnteoidh sí dul chun cinn rianúil na hoibre sin, agus go n-éascóidh sí comhar i measc na mBallstát agus institiúidí eile an Aontais.
Sna míonna atá amach romhainn, siod iad roinnt de na príomhchúraimí a bheidh ar Éirinn i gcaitheamh na hUachtaránachta:
Cruinnithe na Comhairle agus a comhlachtaí ullmhúcháin a phleanáil agus cathaoirleacht a dhéanamh orthu.
A chinntiú go gcloítear le rialacha nós imeachta agus modhanna oibre na Comhairle.
Ionadaíocht a dhéanamh ar an gComhairle sa chaidreamh atá aici le hinstitiúidí eile an Aontais (Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach), agus obair thábhachtach na gcruinnithe tríthaobhacha san áireamh.
Eolas iontaofa trédhearcach ar thorthaí chruinnithe na Comhairle a chur ar fáil.
Oibriú go dlúth le hUachtarán na Comhairle Eorpaí agus le hArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.
Trí Uachtaránacht ag obair le chéile
Is i ngrúpa de thrí a bhíonn na Ballstáit a bhfuil an Uachtaránacht acu ag obair, grúpa ar a dtugtar “foireann trí Uachtaránacht”. Tugadh an córas sin isteach le Conradh Liospóin in 2009, agus é d’aidhm aige leanúnachas a chinntiú in obair na Comhairle. Déanann an fhoireann trí Uachtaránacht clár ginearálta le haghaidh na dtrí Uachtaránacht i ndiaidh a chéile a ullmhú ar bhonn comhpháirteach. Tugtar “clár 18 mí na Comhairle” ar an gclár sin.
Tá Éire mar chuid d’fhoireann trí Uachtaránacht leis an Liotuáin agus leis an nGréig faoi láthair. Is ag an Liotuáin a bheidh an Uachtaránacht ó mhí Eanáir go mí an Mheithimh 2027, agus is ag an nGréig a bheidh sí ina dhiaidh sin ó mhí Iúil go mí na Nollag 2027. Tá clár oibre coiteann ag na trí Uachtaránacht, rud atá leagtha amach ina gclár 18 mí.
Ullmhaíonn gach ceann de na trí Bhallstát clár níos mionsonraithe dá Uachtaránacht sé mhí féin, agus an clár 18 mí úd ina bhonn leis sin.
Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an AE
Beidh an Uachtaránacht ag Éirinn ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2026. Le linn a hUachtaránachta, reáchtálfaidh Éire iad seo a leanas:
22 chruinniú aireachta neamhfhoirmiúla
Cruinniú neamhfhoirmiúil de Cheannairí Stáit nó Rialtais an AE i mí na Samhna 2026
2 chomhdháil aireachta/ardleibhéil
Níos mó ná 250 cruinniú agus comhdháil thábhachtach eile
Caith súil ar fhéilire iomlán na n-imeachtaí.
Ina theannta sin, reáchtálfar clár cultúrtha ilghnéitheach i mBaile Átha Cliath, sa Bhruiséil, i bpríomhchathracha Eorpacha eile agus ar fud an domhain le linn Uachtaránacht na hÉireann. Is féidir teacht ar thuilleadh eolais ar an gclár cultúrtha anseo.
Chomh maith leis an ina gclár 18 mí comhpháirteach, tá a clár agus a tosaíochtaí féin dá hUachtaránacht ar Chomhairle an AE leagtha amach ag Éirinn.
“Ná measc iad seo!”
An Chomhairle Eorpach
Tá an Chomhairle Eorpach ar cheann de sheacht n-institiúid an AE. Is éard a dhéanann sí ná treoir pholaitiúil fhoriomlán agus tosaíochtaí polaitiúla foriomlána an Aontais a leagan amach, ach ní dhéanann sí dlíthe an Aontais a chaibidliú ná a ghlacadh. Is iad cinn stáit nó rialtais 27 mBallstát an Aontais, Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh atá ar an gComhairle Eorpach.
Comhairle an Aontais Eorpaigh
Is institiúid AE í Comhairle an Aontais Eorpaigh freisin. Is éard a dhéanann sí ná reachtaíocht an Aontais a chaibidliú agus a ghlacadh, comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais, buiséad an Aontais a ghlacadh, beartas eachtrach agus slándála an Aontais a fhorbairt, agus beartais na mBallstát a chomhordú i réimsí sonracha.
Comhairle na hEorpa
Ní institiúid AE í Comhairle na hEorpa. Is eagraíocht idirnáisiúnta ar leith í a bunaíodh in 1949 agus a chuireann an daonlathas, cearta an duine agus an smacht reachta chun cinn ar fud na 46 Bhallstát atá páirteach inti. Ceann de na príomhéachtaí atá bainte amach aici is ea glacadh an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine (1950), lenar bunaíodh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine chun cearta agus saoirsí bunúsacha a chosaint.