Tosaíochtaí Uachtaránacht na hÉireann

Caisleán Bhaile Átha Cliath
Sainmhíneofar Uachtaránacht na hÉireann ar an AE in 2026 trí ghníomh agus trí sheachadadh.

Ní neart go cur le cheile

Gníomhaíocht agus seachadadh a shaineoidh Uachtaránacht na hÉireann ar an AE in 2026.

Seachadadh ar iomaíochas Eorpach, ar luachanna Eorpacha agus ar shlándáil Eorpach.

Is é an buanphrionsabal “ní neart go cur le chéile” a bheidh mar threoir againn.

Tá an timpeallacht dhomhanda reatha éagobhsaí agus thar a bheith dúshlánach. Tá go leor tosca seachtracha ann nach féidir linn a rialú. Ach i réimsí ríthábhachtacha, tá na hacmhainní ag an Eoraip chun gníomhaíocht dhiongbháilte a dhéanamh:

- Ar iomaíochas – rathúnas agus folláine a chothú

- Ar luachanna – bunús riachtanach ár nAontais a choinneáil slán

- Ar shlándáil – ár saoránaigh a chosaint

Beidh na trí cholún seo mar phríomhthéamaí Uachtaránacht na hÉireann. Tá siad idirnasctha agus ag neartú a chéile. Oibreoimid go dian ar thograí laistigh de gach colún, chomh maith le tosaíochtaí a chuimsíonn na trí cinn, lena n-áirítear ár dtacaíocht leanúnach don Úcráin agus ár rannpháirtíocht dhomhanda. I ré neamhchinnte, oibreoimid freisin chun caidrimh an AE le comharsana agus le comhpháirtithe ar fud an domhain, lena n-áirítear an RA agus SAM, a neartú agus a chobhsú.

Tá bonn daingean airgeadais ag teastáil chun obair an Aontais a dhéanamh. Beidh sé ina thosaíocht uileghabhálach ag Uachtaránacht na hÉireann comhaontú tráthúil a éascú maidir le buiséad an Aontais le haghaidh 2028-2034, an Creat Airgeadais Ilbhliantúil nua, lena gcuirfear ar chumas an Aontais aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn amach anseo, agus tacú ag an am céanna le príomhbheartais atá ann cheana amhail an Comhbheartas Talmhaíochta agus an Beartas Comhtháthaithe.

Chun todhchaí eacnamaíoch slán a sholáthar a chomhlíonann riachtanais agus ionchais a muintire, ní mór don Eoraip gníomhú go práinneach chun a hiomaíochas agus a táirgiúlacht a fheabhsú.

Soláthraíonn an Treochlár Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin, arna chomhaontú ag an gComhairle, an Coimisiún Eorpach agus Parlaimint na hEorpa, treoirphlean chun dul chun cinn cinntitheach a bhaint amach in 2026. Pléifimid le cuspóirí an Treochláir mar phríomhthosaíochtaí d’Uachtaránacht na hÉireann.

Tá ár nAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, mar a léirítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Is iad ár luachanna comhroinnte, lena n-áirítear iad siúd atá i gCairt na NA agus i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine an bhuncharraig a fhágann gur áit mhaith í an Eoraip le maireachtáil agus le hobair inti, agus is iad atá mar bhonn lenár n-iomaíochas agus lenár slándáil. Anois níos mó ná riamh, ní mór don AE na luachanna sin a chosaint agus a chaomhnú laistigh den Eoraip agus ar fud an domhain.

Is dúshláin thromchúiseacha iad cogadh ionsaitheach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, na coimhlintí sa Mheánoirthear agus sa Mhurascaill, agus teacht chun cinn bagairtí nua agus cineálacha nua cogaíochta. Ní mór dúinn oibriú le chéile chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo, a léirigh an gá atá ann don Eoraip infheistiú i ngach gné dár slándáil féin agus ár gcumas cosanta a fhorbairt. Oibreoidh Uachtaránacht na hÉireann chun bearta a chur chun cinn a chuirfidh le slándáil agus cosaint na hEorpa a neartú.