Clár Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Droichead na Leathphingine, Baile Átha Cliath
Glacfaidh Éire Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh uirthi féin den ochtú huair, cúram a bheidh uirthi ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2026. Tabharfaidh Uachtaránacht na hÉireann clár oibre uaillmhianach ar aghaidh a bheidh dírithe ar príomhthéamaí an iomaíochais, na luachanna agus na slándála.

Ní neart go cur le chéile - Strength with unity.

Gníomhaíocht agus seachadadh a shaineoidh Uachtaránacht na hÉireann ar an AE in 2026.

Seachadadh ar iomaíochas Eorpach, ar luachanna Eorpacha agus ar shlándáil Eorpach.

Is é an buanphrionsabal “ní neart go cur le chéile” a bheidh mar threoir againn.

Tá an timpeallacht dhomhanda reatha éagobhsaí agus thar a bheith dúshlánach.

Tá go leor tosca seachtracha ann nach féidir linn a rialú.

Ach i réimsí ríthábhachtacha, tá na hacmhainní ag an Eoraip chun gníomhaíocht dhiongbháilte a dhéanamh:

  • Ar iomaíochas – rathúnas agus folláine a chothú

  • Ar luachanna – bunús riachtanach ár nAontais a choinneáil slán

  • Ar shlándáil – ár saoránaigh a chosaint

Beidh na trí cholún seo mar phríomhthéamaí Uachtaránacht na hÉireann. Tá siad idirnasctha agus ag neartú a chéile. Oibreoimid go dian ar thograí laistigh de gach colún, chomh maith le tosaíochtaí a chuimsíonn na trí cinn, lena n-áirítear ár dtacaíocht leanúnach don Úcráin agus ár rannpháirtíocht dhomhanda. I ré neamhchinnte, oibreoimid freisin chun caidrimh an AE le comharsana agus le comhpháirtithe ar fud an domhain, lena n-áirítear an RA agus SAM, a neartú agus a chobhsú.

Tá bonn daingean airgeadais ag teastáil chun obair an Aontais a dhéanamh. Beidh sé ina thosaíocht uileghabhálach ag Uachtaránacht na hÉireann comhaontú tráthúil a éascú maidir le buiséad an Aontais le haghaidh 2028-2034, an Creat Airgeadais Ilbhliantúil nua, lena gcuirfear ar chumas an Aontais aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn amach anseo, agus tacú ag an am céanna le príomhbheartais atá ann cheana amhail an Comhbheartas Talmhaíochta agus an Beartas Comhtháthaithe.

Beidh Uachtaránacht 2026 ar an gcéad Uachtaránacht Éireannach ó rinneadh teanga oibre lánfheidhmiúil san Aontas Eorpach den Ghaeilge i mí Eanáir 2022. Léireoidh an Uachtaránacht tiomantas an Aontais don éagsúlacht teanga tríd an nGaeilge a chomhtháthú i ngnó na Comhairle, i gcumarsáid oifigiúil agus in imeachtaí cultúrtha.

  • I ndomhan atá ag athrú go mear, ní mór don Aontas Eorpach a bheith láidir, solúbtha, agus in ann freagairt do dheiseanna atá ag teacht chun cinn fara dúshláin. Trí obair na Comhairle Gnóthaí Ginearálta (CCG), cinnteoidh Uachtaránacht na hÉireann cur chuige comhtháite i ngach cuid d'obair fhoirmíochtaí uile na Comhairle agus fócas straitéiseach ar phríomhthosaíochtaí an iomaíochais, na luachanna agus na slándála.

    Oibreoidh Uachtaránacht na hÉireann go dian agus go huaillmhianach ionas gur féidir le ceannairí an AE na cinntí is gá a dhéanamh in 2026 faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) don tréimhse 2028 go 2034.

    Beidh sé mar thosaíocht i ngach réimse d'obair Uachtaránacht na hÉireann tacú leis na hamlínte agus na spriocanna uaillmhianacha a leagadh amach sa Treochlár Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin, arna chomhaontú ag na trí institiúid in Aibreán 2026. Sa CCG, díreofar ar dhul chun cinn pras a dhéanamh ar an gclár oibre simpliúcháin.

    Tá Uachtaránacht na hÉireann uaillmhianach i leith chlár oibre um méadú an AE, uirlis ríthábhachtach chun slándáil agus rathúnas na hEorpa a chinntiú. Tá sé mar aidhm againn an tslí a ullmhú don chéad aontachas de Bhallstát nua ó 2013.

    Beidh luachanna an Aontais i gcroílár ár gcuid oibre. Cinnteoidh Uachtaránacht na hÉireann go gcoimeádfar an smacht reachta ar fud an Aontais agus i dtíortha is iarrthóirí. Cuirfimid béim ar leith ar athléimneacht ár ndaonlathas.

    Cuirfimid caidreamh dearfach chun cinn leis an RA, comhpháirtí ríthábhachtach don AE, chomh maith lenár gcomhpháirtithe LEE agus CSTE.

    Leanfaidh an Uachtaránacht seo uirthi ag forbairt ullmhacht agus athléimneacht an Aontais i leith an raoin iomlán rioscaí a d’fhéadfadh a bheith romhainn.

    Leanfaidh Uachtaránacht na hÉireann uirthi freisin ag aithint an ghá atá ann comhthéacsanna áitiúla sonracha a thuiscint agus freagairt dóibh agus tacú le forbairt chothrom geilleagair réigiúnacha éagsúlaithe agus athléimneacha trí bheartas comhtháthaithe, ag cinntiú nach bhfágtar aon réigiún ar gcúl agus go dtugtar aitheantas do riachtanais na réigiún sin a bhfuil dúshláin ar leith rompu.

  • Tá dúshláin gheopholaitiúla atá ag éirí níos casta os comhair an Aontais Eorpaigh. Trí obair na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, déanfaidh Uachtaránacht na hÉireann, ag obair go dlúth leis an Ardionadaí/Leas-Uachtarán, iarracht ról an AE mar ghníomhaí domhanda prionsabálta a neartú. Beidh tiomantas daingean an AE don iltaobhachas, do na Náisiúin Aontaithe agus don ord dlí idirnáisiúnta, chomh maith le cur chun cinn chearta an duine, an daonlathais agus an smacht reachta, lárnach in obair Uachtaránacht na hÉireann.

    Oibreoimid chun leanúint de thacaíocht dhochloíte an Aontais don Úcráin agus í a choinneáil i bhfianaise chogadh ionsaithe na Rúise, trí bhrú a choinneáil ar an Rúis agus a chinntiú go leanfaidh rochtain ag an Úcráin ar an tacaíocht agus an maoiniú atá de dhíth uirthi, lena n-áirítear chun í féin a chosaint.

    Tacóidh Uachtaránacht na hÉireann le hiarrachtaí an AE chun cur le síocháin agus slándáil sa Mheánoirthear. Áireofar leis sin tacaíocht do chur chun feidhme réiteach an dá stát agus tacú le gníomhaíocht mar fhreagairt ar na riachtanais dhaonnúla ollmhóra in Gaza agus an staid atá ag dul in olcas sa Bhruach Thiar. Tacú le hiarrachtaí an AE i leith síocháin, slándáil agus cobhsaíocht a bheith ann sa Mhurascaill, áit a bhfuil coimhlint a imríonn tionchar ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal domhanda, agus sa Liobáin, mar aon le tacaíocht a thabhairt don aistriú sa tSiria, beidh na nithe sin ina dtosaíochtaí.

    Chun tacú le hEoraip níos athléimní agus níos sláine, cinnteoidh Uachtaránacht na hÉireann cur chuige comhtháite, cuimsitheach agus comhordaithe i leith chlár oibre cosanta agus slándála an Aontais, ag tacú le fócas an AE ar fhorbairt cumais chosanta ríthábhachtacha. Beidh sé ina thosaíocht le linn Uachtaránacht na hÉireann obair a chur chun cinn ar an Straitéis Slándála Eorpach nua atá beartaithe. Cuirfimid forbairt agus éabhlóid Chomhbheartas Slándála agus Cosanta an AE chun cinn chun a chinntiú go bhfanfaidh sé freagrúil do ghéarchéimeanna leanúnacha, agus cuirfimid obair ar shoghluaisteacht mhíleata agus ar sholáthar cosanta chun cinn. Beidh iarrachtaí an AE chun cibearshlándáil a neartú, ár n-athléimneacht i leith bagairtí hibrideacha a thógáil, agus oibriú le chéile chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála muirí ina bhfócas ag Uachtaránacht na hÉireann.

    Chun tacú le comhpháirtíochtaí domhanda atá tairbheach don dá thaobh agus dearfach, déanfaimid iarracht caidreamh an AE leis an RA, SAM agus Ceanada a neartú, agus tabharfaimid tús áite do rannpháirtíocht an AE le comhpháirtithe san Afraic, i Meiriceá Laidineach agus i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise.

    I bhfianaise na timpeallachta domhanda casta seo a bhíonn ag athrú go tapa, leanfaidh Uachtaránacht na hÉireann de chlár oibre uaillmhianach um beartas trádála a shaothrú lena gcoinneofar an córas iltaobhach trádála ar bun agus lena dtabharfar chun cinn obair riachtanach ar athchóiriú na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT).

    Beidh cur chun feidhme an chláir oibre trádála agus infheistíochta AE-SAM ina thosaíocht shoiléir chomh maith le caibidlíocht trádála leanúnach leis an Malaeisia, leis na hOileáin Fhilipíneacha, leis an Téalainn agus le hAontas na nÉimíríochtaí Arabacha. Ní i bhfolús a fheidhmíonn an beartas trádála agus déanfaidh Uachtaránacht na hÉireann an Teachtaireacht Chomhpháirteach ó mhí na Nollag 2025 maidir leis an tSlándáil Eacnamaíoch a Neartú a thabhairt ar aghaidh freisin.

    Ina theannta sin, cinnteoidh Uachtaránacht na hÉireann go dtabharfar aird ar leith ar ról an AE mar an gníomhaí forbartha agus daonnúil is mó ar domhan. Cuirfimid ardán ar fáil le haghaidh plé straitéiseach ar thodhchaí an chomhair um fhorbairt, an cúnamh daonnúil, agus dúshlán leanúnach na bochtaineachta. Mar ábhar práinne, díreoidh an tAontas ar thionchair na ngéarchéimeanna geopholaitiúla agus na ndúshlán atá ag teacht chun cinn. Beidh saincheisteanna an bhia, na sláinte agus na hinscne ina ngnéithe lárnacha d'Uachtaránacht na hÉireann agus sinn ag iarraidh díospóireacht straitéiseach a dhíriú.

  • I dtimpeallacht dhomhanda eacnamaíoch agus gheopholaitiúil atá ag athrú go mear, tabharfaidh an Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECOFIN) tús áite d'iomaíochas, d'athléimneacht agus d'inbhuanaitheacht fhioscach an Aontais, agus ag an am céanna leanfaidh sí de bheith solúbtha agus í ag freagairt do fhorbairtí eacnamaíocha idirnáisiúnta. Tá sé fós ríthábhachtach gníomhaíocht bheartais chomhordaithe agus éifeachtach a chinntiú chun cobhsaíocht a chosaint agus chun tacú le geilleagar na hEorpa. I bhfianaise na bhforbairtí leanúnacha sa Mheánoirthear agus an tionchair ar mhargaí fuinnimh go háirithe, éascóidh an Uachtaránacht obair agus plé in ECOFIN nuair is iomchuí.

    Ag léiriú an ghealltanais sa Treochlár Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin, tabharfar tús áite do spriocanna a bhaint amach i dtaobh an Aontais Coigiltis agus Infheistíochtaí agus an Euro Dhigitigh. Díreofar gníomhaíocht sa réimse seo ar mhargaí caipitil na hEorpa a dhoimhniú agus ar iomaíochas earnáil bhaincéireachta na hEorpa a neartú, rud a chabhróidh le hacmhainní a shlógadh le haghaidh fáis agus iomaíochais eacnamaíoch san fhadtéarma. Tabharfaidh Uachtaránacht na hÉireann comhordú eacnamaíoch chun cinn freisin trí thimthriall an tSeimeastair Eorpaigh, ag tacú le beartais fhioscacha fhónta a chuireann le hinbhuanaitheacht fiachais agus infheistíocht.

  • I ndomhan atá ag athrú i gcónaí agus go mear, ní mór don Aontas Eorpach a bheith láidir, solúbtha, agus in ann freagairt go pras do dheiseanna atá ag teacht chun cinn chomh maith le dúshláin dár sábháilteacht, slándáil, comhtháthú sóisialta, bunchearta agus an smacht reachta.

    Tá cur chuige cuimsitheach Eorpach maidir le tearmann agus imirce riachtanach chun muinín an phobail i mbainistíocht na himirce a choinneáil. Trí obair na Comhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile, leanfaidh Uachtaránacht na hÉireann ag obair chun cur chuige cothrom, daingean, riailbhunaithe a chur chun cinn maidir le himirce, tearmann agus filleadh.

    Tá tírdhreach geopholaitiúil agus slándála atá ag athrú os comhair na hEorpa, agus tabharfaidh Uachtaránacht na hÉireann tús áite do ghníomhartha a chur chun cinn a thacóidh le Ballstáit teorainneacha a dhaingniú, coireacht thromchúiseach agus eagraithe a chomhrac agus freagairt do bhagairtí nua agus atá ag teacht chun cinn.

    Déanfaidh Uachtaránacht na hÉireann dul chun cinn freisin ar obair ar iarrachtaí ríthábhachtacha agus leanúnacha na Comhairle chun meas ar luachanna an AE, bunchearta agus an smacht reachta a choinneáil agus a neartú. Áireofar leis an obair seo díriú leanúnach ar fhoréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe, ar mhionlaigh a chosaint ar idirdhealú, agus ar chearta an linbh a chosaint agus a chur chun cinn, lena n-áirítear trína rannpháirtíocht i gcinntí a dhéanamh a théann i bhfeidhm ar a saol.

  • Treoróidh an Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (EPSCO) ár n-iarrachtaí comhchoiteanna chun cáilíocht beatha agus caighdeán maireachtála ár saoránach a neartú, chun cuimsiú sóisialta agus cearta comhionanna a chur chun cinn, agus chun iomaíochas agus fás cothrom a mhéadú. Agus é sin á dhéanamh againn, tacóimid le samhail shocheacnamaíoch a leagfaidh béim ar chomhionannas, athléimneacht shochaíoch agus comhtháthú.

    Ag ESPCO, seasfaidh Uachtaránacht na hÉireann go daingean lenár gcreideamh gur buntáiste soiléir eacnamaíoch agus sóisialta iad ár luachanna Eorpacha, a chinntíonn cearta, caoinfhulaingt, dlúthpháirtíocht agus neamh-idirdhealú. Léireoidh ár gclár uachtaránachta nach idéalacha teibí amháin iad na luachanna seo ach prionsabail phraiticiúla, lena n-áirítear an smacht reachta, a chuireann taca faoi chothroime, muinín agus cobhsaíocht an chórais.

    Is féidir le hEoraip chomhionann athchóiriú eacnamaíoch, fás agus iomaíochas a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí. Cuirfidh Uachtaránacht na hÉireann clár oibre chun cinn chun tacú le samhail shóisialta agus eacnamaíoch Eorpach a bhainfidh leas as buanna dhaonra éagsúil na hEorpa agus a chinnteoidh go bhfuil an t-athchóiriú eacnamaíoch cothrom agus cuimsitheach araon. Oibreoidh an Uachtaránacht chun na hathchóirithe comhionannais a chur i gcrích atá dírithe ar chearta a chosaint agus na daoine is leochailí a chosaint ó idirdhealú.

    Beidh an Uachtaránacht i gceannas ar an bplé maidir le conas a chruthaímid agus a thacaímid le poist dea-cháilíochta laistigh de mhargaí saothair nua-aimseartha agus conas a chinnteoimid go mbeidh oibrithe agus fostóirí feistithe chun rathú laistigh dár Margadh Aonair agus lasmuigh de.

    Is léiriú lárnach ar luachanna ár nAontais rochtain chothrom ar chúram sláinte ardchaighdeáin a chinntiú. Tógfaidh Uachtaránacht na hÉireann ar fhorbairtí móra sna heolaíochtaí beatha agus sa tsláinte dhigiteach chun a aibhsiú gur féidir le córais sláinte láidre agus chuimsitheacha tacú le nuáil agus iomaíochas chomh maith le hathléimneacht pobail agus sláinte ar fud an Aontais.

    Chomh maith leis sin, leanfaimid orainn ag cur na Straitéise um Eolaíochtaí Beatha na hEorpa i bhfeidhm trí Ghníomh Bith-theicneolaíochta an AE a chur chun cinn, tacú le creatlaí atá fabhrach don nuáil le haghaidh cógas, teicneolaíochtaí leighis agus sláinte dhigiteach, agus athbhreithnithe ar Rialacháin Feistí Leighis an AE a chur chun cinn.

    Téann infheistíocht shóisialta i ngleic le bochtaineacht agus eisiamh agus tacaíonn sí le sochaí níos cothroime agus níos cuimsithí go sóisialta, agus an comhtháthú sóisialta a ghineann sé seo ag íoc díbhinní, rud a chabhraíonn ní hamháin leis an ngeilleagar a chothabháil ach lena fhás agus a fhorbairt a chothú. Soláthraíonn samhail shóisialta na hEorpa bunús láidir chun nuáil a bhrostú trí infheistíocht a dhéanamh i ndaoine, rud a fhágann go mbeidh lucht saothair oilte agus solúbtha ann. Trí thógáil ar láidreachtaí an AE agus luachanna Eorpacha a choinneáil i bhfeidhm le linn Uachtaránacht na hÉireann, cabhróimid chun an AE a dhéanamh níos fearr don todhchaí mar áit mhaith le maireachtáil agus le hobair ann.

  • Glacann Éire Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag tráth ríthábhachtach d’iomaíochas an AE. Trí obair na Comhairle Iomaíochais, déanfaidh Uachtaránacht na hÉireann dul chun cinn cinntitheach ar go leor de na tionscnaimh shuaitheanta atá leagtha amach sa Treochlár Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin a bhfuil sé mar aidhm acu iomaíochas na hEorpa a athnuachan, tacú lenár dtionscail, agus ár slándáil agus ár n-athléimneacht eacnamaíoch a neartú.

    Oibreoidh an Uachtaránacht chun bunús iomaíochas an AE a neartú tríd an Margadh Aonair a chur chun cinn tuilleadh, éifeachtúlacht rialála a fheabhsú, nuáil agus méadú a luathú do FBManna, agus a chinntiú go mbeidh iomaíochas tionsclaíoch na hEorpa inbhuanaithe, athléimneach, agus ailínithe le cuspóirí sóisialta agus aeráide an AE.

    Is cuid lárnach de gheilleagar iomaíoch Eorpach í rochtain ar thithíocht inacmhainne agus déanfaidh Uachtaránacht na hÉireann iarracht na tionscnaimh faoin bPlean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne a chur chun cinn, lena n-áirítear an Gníomh um Thithíocht Inacmhainne agus an Gníomh um Sheirbhísí Tógála.

    Beidh sé mar phríomhthosaíocht uasmhéadú a dhéanamh ar chion an taighde agus na nuála d’iomaíochas, slándáil agus rathúnas na hEorpa. Sa chomhthéacs seo, beidh sé mar aidhm ag Uachtaránacht na hÉireann caibidlíocht a chur chun cinn maidir leis an gcéad Chlár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht eile de chuid an AE (Fís Eorpach) agus an Ionstraim Eorpach um Nuálaíocht atá beartaithe.

    Díreoidh Uachtaránacht na hÉireann ar iomaíochas earnáil spáis na hEorpa a neartú mar réimse fáis straitéiseach.

  • Trí obair na Comhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (TTE), tacóidh Uachtaránacht na hÉireann le hiarrachtaí chun Eoraip níos ceangailte, níos athléimní agus níos iomaíche a thógáil i gcomhréir leis an Treochlár Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin. Tacóimid le forbairt líonra iompair na hEorpa mar phríomhchumasóir don iomaíochas, oibreoimid i dtreo dícharbónú agus aistriú cóir san earnáil iompair, agus cinnteoimid go mbeidh líonra iompair sábháilte, slán agus athléimneach in ann freastal ar shaoránaigh na hEorpa.

    Cuirfimid obair ar nascacht dhigiteach agus líonraí digiteacha chun cinn, agus oibreoimid chun cibearshlándáil agus athléimneacht cibearshlándála a neartú, chomh maith le hinfheistíocht i nascacht teileachumarsáide faoi uisce agus i slándáil agus athléimneacht cáblaí faoi uisce. Féachfaimid le ceannaireacht an AE i néalríomhaireacht agus in intleacht shaorga a neartú, agus obair ar shimpliú digiteach a thabhairt chun cinn, ag cur le hiomaíochas an Aontais.

    Brúfaimid clár oibre fuinnimh an Aontais chun cinn chun fíor-shlándáil fuinnimh a thógáil, ag tacú le himscaradh fuinnimh in-athnuaite dhúchasaigh agus fuinnimh ghlain, agus ag tógáil eangacha láidre. Beidh Uachtaránacht na hÉireann freagrúil d’fhachtóirí geopholaitiúla leanúnacha agus a n-impleachtaí maidir le hinacmhainneacht agus slándáil fuinnimh. Tacóimid le forbairt córais fuinnimh níos leictrithe, níos athléimní agus níos éifeachtaí a fhéadfaidh praghsanna a ísliú do shaoránaigh ar fud na hEorpa.

  • Tá ról lárnach ag an talmhaíocht agus ag an iascach chun slándáil bia na hEorpa a chinntiú, chun tacú le hiomaíochas eacnamaíoch agus chun pobail tuaithe agus chósta a chothabháil, agus ag an am céanna cur le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais.

    Oibreoidh an Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh chun tacú le teaghlaigh feirmeoireachta agus iascaireachta, chun a n-ioncam a chosaint, chun iomaíochas a neartú, chun pobail tuaithe agus chósta a chothabháil agus chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir trí cholún na hinbhuanaitheachta – inbhuanaitheacht eacnamaíoch, shóisialta agus comhshaoil.

    Tabharfaidh Uachtaránacht na hÉireann aird ar leith ar shaincheisteanna slándála bia, iomaíochais, simplithe, inbhuanaitheachta agus athnuachana glúine.

  • Le linn Uachtaránacht na hÉireann, oibreoidh an Chomhairle Comhshaoil i dtreo iarracht uile-shochaí a ghlacadh chun geilleagar neodrach ó thaobh na haeráide de, inbhuanaithe agus éifeachtúil ó thaobh acmhainní de a chruthú.

    Tá Uachtaránacht na hÉireann tiomanta do chlár oibre uaillmhianach an AE a chomhlíonadh chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus aistriú chuig geilleagar neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050.

    Déanfaidh Uachtaránacht na hÉireann a dícheall beartais agus bearta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a spreagfaidh dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta, agus ag an am céanna ár dtimpeallacht nádúrtha a fheabhsú agus a dhaingniú don todhchaí trí chomhtháthú beartais níos fearr, chun athléimneacht a neartú ar fud na bithéagsúlachta, na haeráide agus an uisce. Trí thionscnaimh amhail an Omnibus Simplithe Comhshaoil, tá sé mar aidhm againn cur le laghdú ar an ualach riaracháin do ghnólachtaí, agus cuspóirí uaillmhianacha an AE a choinneáil chun an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint.

    San áireamh leis sin, beidh tionscnaimh feasachta comhshaoil a chur chun cinn, tacú le haistriú cóir agus le hiompraíochtaí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, athléimneacht uisce a neartú, cailliúint bithéagsúlachta a aisiompú agus dul chun cinn i dtreo timpeallacht gan truailliú mar a shamhlaítear i bPlean Gníomhaíochta an AE maidir le Saoirse ó Thruailliú.

    Beidh sé mar aidhm againn é seo a bhaint amach trí cheannaireacht chomhtháite, bunaithe ar eolaíocht agus dírithe ar réitigh a sholáthar san AE. Éilíonn sé seo go gcoimeádfar le cinnteoireacht iltaobhach atá bunaithe ar rialacha, chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide, cailliúint bithéagsúlachta agus truailliú, ar géarchéimeanna idirnasctha iad, agus chun bainistíocht agus cosaint inbhuanaithe, chothrom na n-acmhainní mara agus fionnuisce comhroinnte a chinntiú.

  • Trí obair na Comhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt, cuirfidh Uachtaránacht na hÉireann béim ar ról an oideachais agus na hoiliúna ar feadh na saolré chun luachanna an Aontais a chosaint agus iomaíochas na hEorpa a fheabhsú, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar scileanna agus inniúlachtaí don ré IS.

    I mbeartas na hóige, díreoimid ar théamaí na faisnéise agus an idirphlé chuidithigh.

    Cuirfimid béim ar luach intreach ár gcultúir agus ár n-oidhreachta spóirt, agus a gcion bunriachtanach do shochaí na hEorpa, ag tabhairt chun cinn obair ar infheistíocht AE i dtionscnaimh chultúrtha agus ar phlean oibre an Aontais don chultúr feasta.

    Díreofar go háirithe ar bhearta chun sábháilteacht leanaí ar líne a neartú, agus cinnteoimid go gcloisfear guthanna leanaí agus bearta sábháilteachta ar líne á bhforbairt.

Íoslódáil an Clár Beartais anseo