Imeachtaí a bhaineann leis an Uachtaránacht

Ospidéal Ríochta Chill Mhaighneann
I dteannta chlár oifigiúil na gcruinnithe is na n-imeachtaí a bheidh ar siúl le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh in 2026, reáchtálfar clár d’Imeachtaí a bhaineann leis an Uachtaránacht ar fud na hÉireann agus i dtíortha lasmuigh d’Éirinn.

Is imeachtaí iad Imeachtaí a bhaineann leis an Uachtaránacht a eagraítear go neamhspleách ar an Uachtaránacht, atá i gcomhréir le téamaí agus tosaíochtaí Uachtaránacht na hÉireann ar an AE, agus ina n-éascaítear plé ar shaincheisteanna beartais tábhachtacha ar leibhéal an AE. Sna himeachtaí sin, spreagtar daoine i bhfad agus i ngearr le páirt a ghlacadh san Uachtaránacht, cothaítear plé ar bheartais agus spéis i mbeartais, agus rannchuidítear leis an mórchlár gníomhaíochta a reáchtáiltear i rith théarma na hUachtaránachta.

Is eagraíochtaí ó réimse leathan earnálacha, an tsochaí shibhialta, an saol acadúil, gnólachtaí agus comhlachtaí ionadaíocha san áireamh, a reáchtálfaidh na himeachtaí.

Imeachtaí deimhnithe a bhaineann leis an Uachtaránacht

Aithnítear go bhfuil na himeachtaí seo a leanas ina nImeachtaí a bhaineann leis an Uachtaránacht. Tabhair do d'aire gur i mBéarla agus sa teanga sin amháin atá an doiciméad seo le fáil:

Imeachtaí deimhnithe a bhaineann leis an Uachtaránacht

Déanfar an liosta úd a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tréimhsiúil.

Teagmháil Má bhíonn aon cheist agat i dtaca le hImeachtaí a bhaineann leis an Uachtaránacht, déan teagmháil le: