Le linn thréimhse sé mhí na hUachtaránachta, déanfaidh Airí Éireannacha cathaoirleacht ar chruinnithe de Chomhairle an AE, cuideoidh siad clár oibre reachtach agus beartais an AE a chur chun tosaigh agus reáchtálfaidh siad réimse leathan cruinnithe ardleibhéil in Éirinn.
Beidh Uachtaránacht an AE ag Éirinn tráth tábhachtach don Eoraip. Tháinig ceannairí an AE ar chomhaontú ar chlár oibre an-uaillmhianach le haghaidh na míonna amach romhainn sa chruinniú a bhí acu sa Chipir ag deireadh mhí Aibreáin. Le linn a hUachtaránachta, oibreoidh Éire i ndlúthchomhar le comhpháirtithe Eorpacha d’fhonn cuidiú fuinneamh a chur sa chlár oibre úd agus d’fhonn tacú le torthaí praiticiúla a rachaidh chun tairbhe do dhaoine, do ghnólachtaí agus do phobail ar fud na hÉireann agus ar fud an Aontais Eorpaigh.
Is in Éirinn a thionólfar 22 chruinniú Aireachta neamhfhoirmiúla, agus is in Éirinn freisin a thionólfar cruinniú mullaigh den Chomhphobal Polaitiúil Eorpach mar aon le cruinniú neamhfhoirmiúil den Chomhairle Eorpach. Sna cruinnithe, beidh deis ar léargas a thabhairt dár gcomhpháirtithe Eorpacha ar na gnéithe is suaithinsí de thír na hÉireann. Le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an AE, cinnteofar go mbeidh na cruinnithe a thionólfar abhus ina gcruinnithe bisiúla ar mhaithe le torthaí dearfacha a bhaint amach don Eoraip agus do mhuintir na hEorpa.
Cé go bhféachfar le gan cur isteach rómhór ar dhaoine, meastar go ndúnfar bóithre, go gcuirfear an t-iompar poiblí ar mhalairt slí agus go gcuirfear locadh feithiclí ar fionraí in áiteanna áirithe. Thairis sin, b’fhéidir gur dheacair duit gluaiseacht ar an ngnáthbhealach in ionaid na gcruinnithe, agus thart timpeall orthu, má mhaireann tú, nó má tá tú ag obair, ina ngaobhar.
I gcás imeachtaí a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath, tabharfaidh An Garda Síochána, an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA) agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath treoir don phobal i gcóngar Chaisleán Bhaile Átha Cliath agus Ionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath.
I gcás imeachtaí a bheidh ar siúl ar fud na tíre, oibreoidh An Garda Síochána, NTA agus an chomhairle áitiúil i gcomhar d’fhonn an pobal a choinneáil ar an eolas.
Tabharfaidh na Gardaí teachtaireachtaí agus oibreoidh siad i gcomhar leis an bpobal áitiúil d’fhonn tacú leis sin.
Tabharfar an t-eolas is déanaí maidir le bóithre a bheith á ndúnadh, maidir leis an iompar poiblí a bheith á chur ar mhalairt slí, maidir le modhanna eile iompair a úsáid de rogha ar an iompar poiblí, agus maidir le haon chur isteach eile a dhéanfar, níos neasa do dhátaí na gcruinnithe is na n-imeachtaí. Idir an dá linn, smaoinigh anois ar conas a d’fhéadfadh an cur isteach do chuid pleananna a chur trína chéile bunaithe ar dhátaí agus ionaid sin na gcruinnithe a bhfuil teacht orthu anseo.
Déanfar breis eolais a fhoilsiú ar líne ag www.Éire2026.eu.