ADVANCE: An dul chun cinn i leith Éiceachóras an Aontais um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá i mBun Fáis agus a bhfuil i ndán don Éiceachóras úd

Comhdháil / Collóiciam / Seimineár
Fear ag caitheamh léine gorm ag baint triail as gléas cinn Réaltachta Fíorúla

Eolas praiticiúil

Dáta

7 - 9 Nollaig 2026

Suíomh

Baile Átha Cliath, Éire

Eagraí

Department of Further and Higher Education, Research, Innovation and Science

Beidh Comhdháil Uachtaránacht na hÉireann maidir leis an gComhairle Nualaíochta Eorpach (CNE) ar siúl agus uair na cinniúna ann maidir le Straitéis an Aontais um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá ag Méadú. Beidh 'ADVANCE' ina bhunús le ceannasacht thionsclaíoch threisithe na hEorpa.

Sa Chomhdháil, a bheidh ar siúl sa Cholaiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mar a bhfuil mol teicneolaíoch atá ar cheann de na moil theicneolaíocha is rathúla san Eoraip, agus a gcuirfidh CNE agus Fiontraíocht Éireann (EI) taca fúithi, déanfar an taithí ar an Mórtheicneolaíocht dhomhanda agus an barr feabhais sa domhainteicneolaíocht atá ag teacht chun cinn a shníomh le chéile.

Sa chomhdháil, bedh caoi ag bunaitheoirí, lucht déanta beartas, corparáidí móra, infheisteoirí, ollscoileanna, gníomhaireachtaí nualaíochta, agus ag luathairí gnólachtaí nuathionscanta, ar mheasúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá an Eoraip a dhéanamh, scrogaill a shainaithint, agus plé a dhéanamh ar chuir chuige i leith beartais a d'fhéadfaí a dhéanamh. Déanfaidh na toscairí scrúdú ar fhorbairtí tábhachtacha a bhfuil lorg á fhágáil acu ar a bhfuil i ndán do nuálaíocht na hEorpa - Tionscnamh na gCeannródaithe Teicneolaíochta Eorpacha, teacht chun cinn bhunú sin na bhfiontar úr a bhfuil lucht ollscoile ina bhun, agus breis tábhacht straitéiseach a bheith le réitigh domhainteicneolaíochta i leith na slándála eacnamaíche, i leith an aistrithe aeráide, agus i leith na ceannasachta teicneolaíche, orthu sin.

I gComhdháil 2026, déanfar téamaí agus coincheapa ó imeachtaí de chuid CNE a bhí ar siúl roimhe seo, lena n-áirítear ASCEND agus Cruinniú Mullaigh CNE, 2026, a chíoradh tuilleadh, d'fhonn ceapadh beartas agus straitéisí a chur chun cinn i gcéad ré eile CNE agus chun dlús a chur le gníomhaíochtaí Eorpacha gaolmhara.

Is é uaillmhian uileghabhálach ADVANCE freagairt go díreach ar chuspóirí thionscnamh sin an Aontais dar teideal 'Roghnaigh an Eoraip' agus Straitéis an Aontais um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí atá i mBun Fáis (2025), agus a bheith ina fhóram tráthúil chun measúnú a dhéanamh ar iomaíochas na hEorpa agus ar í a bheith i riocht, sa saol mór, tacú le gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí atá i mbun fáis agus fiontair domhainteicneolaíochta. Sa chomhdháil, féachfar le dlús a chur le cumas na hEorpa cuideachtaí domhainteicneolaíochta agus cuideachtaí atá dírithe ar an nuálaíocht a bhunú agus lena chur i dtreis gurb áit í an Eoraip inar féidir dul chun cinn fiontraíoch a dhéanamh toisc a iomaíche atá sí sa saol mór. Spreagfaidh an chomhdháil gníomhaíocht chomhchoiteann i leith éiceachóras nuálaíochta na hEorpa ina iomláine.