Is é atá sa 4ú Fóram de Chomhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha comhdháil ardleibhéil Eorpach ar an ardoideachas a bheidh ar siúl an 10 Iúil 2026 in Ollscoil Mhaigh Nuad, Contae Chill Dara, faoi scáth Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.
San fhóram seo, tiocfaidh ionadaithe agus páirtithe leasmhara Eorpacha agus ionadaithe agus páritithe leasmhara náisiúnta le chéile chun an dul chun cinn i leith Thionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha (EUI) a mheas agus chun an chuma a bheidh air amach anseo a mhúnlú.
Sna cuir i láthair a thabharfar agus sa phlé a dhéanfar, díreofar ar a bhfuil i ndán do na Comhghuaillíochtaí d'Ollscoileanna Eorpacha, agus béim ar leith á cur ar infheistíocht inbhuanaithe, ar rialachas agus ar chreataí beartais chun tacú le comhar domhain agus buanseasmhach san oideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht.
San Fhóram, beidh idir 250 agus 300 rannpháirtí ó gach cearn den Eoraip, agus, ar an gcaoi sin, léireofar éiceachóras iomlán an oideachais threasaigh, an taighde agus an cheaptha beartas. Orthu siúd a bheidh i láthair, áireofar:
Ceannairí sinsearacha sin an AE atá freagrach as oideachas, taighde, nuálaíocht agus scileanna.
Lucht déanta beartas náisiúnta ón Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.
Ceannairí Ollscoile, lena n-áirítear Uachtaráin, reachtairí agus leas-reachtairí ó phríomhollscoileanna de chuid na hÉireann is de chuid na hEorpa.
Eagraíochtaí geallsealbhóirí Eorpacha, amhail Cumann Eorpach na nOllscoileanna (EUA), Cumann na nOllscoileanna Taighde Eorpacha (LERU), The Guild, FOREU4ALL, agus Aontas na Mac Léinn Eorpach.
Mic léinn agus cleachtóirí de chuid comhghuaillíochtaí, rud a fhágfaidh go mbeidh léiriú iomlán ann ar rialachas, ar chur chun feidhme, agus ar dhearcthaí atá bunaithe ar thaithí saoil.
Mar chuid den Fhóram, cuirfear fáilte roimh dhaoine, cuirfidh Rialtas na hÉireann tús oifigiúil le cúrsaí, tabharfaidh cainteoirí mór le rá príomhaithisc, rachfar i mbun plé iomlánach, rachaidh painéil i mbun idirphlé, beidh mionseisiúin théamacha ann i dteannta imeachtaí cultúrtha agus líonraithe, lena n-áirítear dinnéar ceiliúrtha.
Ar na príomh-shaincheisteanna a bheidh le plé, beidh:
An t-ollstruchtúr cistiúcháin agus na conairí infheistíochta a bheidh ann amach anseo tar éis 2027.
Forbairt na Céime Eorpaí agus ceangal acadúil níos doimhne.
An ról atá ag comhghuaillíochtaí maidir le hiomaíochas, nuálaíocht, cuimsiú agus luachanna daonlathacha na hEorpa a neartú.
Mic léinn a bheith rannpháirteach go fóinteach i rialachas agus i gcomhchruthú.
Straitéisí AE, straitéisí náisiúnta agus straitéisí institiúideacha a bheith i gcomhréir le chéile.
San Fhóram, beidh deis ar leith ar phlé a dhéanamh ar thosaíochtaí Eorpacha agus tosaíochtaí náisiúnta agus fós ról ceannaireachta na hÉireann sa nuálaíocht ardoideachais Eorpach a neartú.