An Chomhdháil Eorpach ar Theicneolaíochtaí Candamacha (EQTC) 2026

Comhdháil / Collóiciam / Seimineár
Taispeántas doiléir ar chúl d'imeacht gnó

Eolas praiticiúil

Dáta

30 Samhain - 3 Nollaig 2026

Suíomh

Baile Átha Cliath, Éire

Eagraí

An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta

Is imeacht Candamach Suaitheanta í an Chomhdháil Eorpach ar Theicneolaíochtaí Candamacha ina ndírítear ar an dul chun cinn is déanaí sa taighde ar Eolaíocht na Faisnéise Candamaí agus ar Theicneolaíocht na Faisnéise Candamaí, agus sa nualaíocht iontu dís, a léiriú.

Is é misean na Comhdhála Eorpaí ar Theicneolaíochtaí Candamacha (EQTC) stádas na hEorpa mar cheannaire domhanda i bhforbairt agus i gcur i bhfeidhm Teicneolaíochtaí Candamacha a neartú. Cothaítear inti éiceachóras láidir comhoibríoch tríd an saol acadúil, an tionscal agus rialtais ó gach cearn den Eoraip a thabhairt le chéile.

Tá cuspóirí straitéiseacha éagsúla le EQTC 2026 a bhfuil fúthu nuálaíocht, comhar agus fás a chothú laistigh de phobal Teicneolaíochtaí Candamacha na hEorpa, agus plé a dhéanamh ar na dúshláin eolaíocha agus theicneolaíocha a bheidh ann amach anseo .

Ina theannta sin, mar chuid de EQTC, déantar nuálaíocht an tionscail a chur chun cinn go gníomhach trína spásanna taispeántais tiomnaithe, agus dírítear ar oideachas agus ar fhorbairt an lucht saothair trí sheisiúin agus trí phlé ina dtugtar aghaidh ar bhearnaí scileanna agus ar riachtanais oideachais laistigh d’earnáil na dTeicneolaíochtaí Candamacha.