Comhdháil idirpharliminteach ina dtiocfaidh comhaltaí de pharlaimintí náisiúnta an AE agus Feisirí de Pharlaimint na hEorpa le chéile d'fhonn plé a dhéanamh ar an rialachas eacnamaíoch agus na beartais bhuiséadacha san AE, go háirithe san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.
Is fóram í an Chomhdháil Idirpharlaiminteach ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú Eacnamaíoch agus ar Rialachas inar féidir le Comhaltaí de pharlaimintí náisiúnta an AE agus Feisirí de Pharlaimint na hEorpa dea-chleachtais maidir le cur chun feidhme fhorálacha an Chonartha ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, ar a dtugtar an Comhshocrú Fioscach freisin, a phlé agus a mhalartú.
Is é an aidhm atá ann an comhar idir na Parlaimintí náisiúnta agus Parlaimint na hEorpa a neartú agus rannchuidiú le cuntasacht dhaonlathach a chinntiú i réimse an rialachais eacnamaíoch agus an bheartais bhuiséadaigh san AE, go háirithe san Aontas Airgeadaíochta Eorpach. Iarrfar ar shaineolaithe agus ar pholaiteoirí as Éirinn agus as an Eoraip tuairimí agus dea-chleachtais a mhalartú.