Is é atá sa Chruinniú Mullaigh Eorpach ar Thomhaltóirí imeacht ardleibhéil bliantúil maidir leis an mbeartas ar thomhaltóirí agus maidir le cosaint a thabhairt do thomhaltóirí.
Tá sé d'aidhm ag an gcruinniú mullaigh geallsealbhóirí ó gach cearn den Eoraip, lena n-áirítear lucht ceaptha beartas, rialtóirí, acadóirí, an lucht tionscail, agus eagraíochta den tsochaí shibhialta, a thabhairt le chéile i dtreo is go bhféadfar tuairimí a mhalartú, dea-chleachtais a chomhroinnt, agus an comhar i leith mórcheisteanna leasa choitinn a neartú.
San imeacht, beidh deis luachmhar ag ionadaithe sinsearacha ó institiúidí poiblí, ón tionscal, agus ó eagraíochtaí gaolmhara, ar dhul i mbun idirphlé, ar aithne a chur ar dhaoine, agus ar chomhar idirnáisiúnta a chothú.
Imeachtaí gaolmhara eile
-
Cruinniú Ardleibhéil d'Ard-Stiúrthóirí na nInstitiúidí Staidrimh Náisiúnta
3 Meán Fómhair
Baile Átha Cliath