Sa chomhdháil seo, arna tionól faoi scáth Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, déanfar gealltanas an AE treisiú le freagairtí meabhairshláinte agus síceasóisialta ar bhagairtí sláinte atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a chur chun cinn.
"Trí idirphlé ardleibhéil ar bheartas agus trí chomhoibriú le páirtithe leasmhara éasgúla, sa chomhdháil, leagfar béim ar thábhacht agus ar thionchar chur chuige an Aontais i leith an mheabhairshláinte a chomhtháthú sna beartais uile. Tá sé d'aidhm ag an gcomhdháil scrúdú a dhéanamh ar bhealaí le hollstruchtúr slándála sláinte na hEorpa a neartú trína chinntiú go mbeidh an mheabhairshláinte fós ina cuid lárnach den athléimneacht, den ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus den fhreagairt ar ghéarchéimeanna, agus de bhainistiú bagairtí sláinte trasteorann.
Tá an chomhdháil bunaithe ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le Cur Chuige Cuimsitheach i leith na Meabhairshláinte (2023) agus tá sí comhsheasmhach le cur chuige an Aontais i leith ‘an mheabhairshláinte sna beartais uile’, tá sí i gcomhréir freisin leis an rún ón gComhthionól Domhanda Sláinte ó 2024 maidir le meabhairshláinte agus tacaíocht shíceasóisialta a neartú roimh choinbhleachtaí armtha, lena linn, agus ina ndiaidh, roimh thubaistí nádúrtha agus tubaistí arb é an duine is cúis leo, lena linn, agus ina ndiaidh, agus roimh éigeandálaí sláinte agus éigeandálaí eile, lena linn, agus ina ndiaidh.
Sa chomhdháil, tiocfaidh príomhgheallsealbhóirí le chéile tráth atá dúshláin ar fud an Aontais san Eoraip. Rinneadh ollstruchtúr slándála sláinte an Aontais a neartú go mór tar éis phaindéim COVID-19. Agus géarchéimeanna nua ag teacht chun cinn, áfach, agus bunaithe ar fhoghlaim bhreise ón bhfreagairt ar COVID-19, is gá aird a thabhairt an athuair ar na gnéithe meabhairshláinte agus síceasóisialta dár bpleanáil ullmhachta agus freagartha, chun a chinntiú gurb iad na Ballstáit is fearr a bheidh in ann tacú le sláinte agus dea-bhail na saoránach uile.
Sa chlár, tugtar aghaidh ar na príomhdhúshláin ullmhachta agus freagartha, lena n-áirítear idirghabhálacha síceasóisialta inscálaithe, sásraí digiteacha agus tacaíochta pobail, acmhainneacht an lucht saothair, agus éagothromaíochtaí a dhéanann difear do phobail leochaileacha. Tá na tosaíochtaí sin ina léiriú ar thionscnaimh leanúnacha de chuid an Aontais amhail cláir chun féinmharú a chosc, bearta sábháilteachta digiteacha faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, agus tacaíocht shíceasóisialta arna cistiú ag an Aontas do ghrúpaí easáitithe agus do ghrúpaí dá ndéantar difear.
Ar na príomhthéamaí, áireofar:
Breithnithe ar an meabhairshláinte a chomhtháthú sna réimsí beartais uile agus sna creatí uile um fhreagairt ar éigeandálaí
Idirghabhálacha síceasóisialta agus meabhairshláinte atá bunaithe ar fhianaise a mhéadú
Acmhainneacht an lucht saothair agus na gcóras i leith freagairtí ildisciplíneacha/taithí saoil/tacaíocht piaraí dhigiteach, lena n-áirítear leas a bhaint as tacaíochtaí digiteacha, tacaíochtaí pobail agus tacaíochtaí san áit oibre
Aghaidh a thabhairt ar eagothromaíochtaí agus leochaileachtaí ar déine go mór fada iad le linn bagairtí sláinte"
Imeachtaí gaolmhara eile
-
Comhdháil Bhliantúil an Chumainn Eorpaigh um Thaighde Coiscthe ar Nuálaíocht sa Chosc chun Tacú leis an gCothromas Sláinte, 2026
15 Meán Fómhair
Baile Átha Cliath