Sa chruinniú seo, tiocfaidh na hAtaiséanna sin atá sa Mheitheal um an Spás, maille le hionadaithe ón gCoimisiún Eorpach agus ó Rúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh, le chéile.
Iadsan a bheidh i láthair ag an gcruinniú, tabharfaidh siad cuairt ar shuíomh stairiúil in Éirinn a bhfuil tábhacht réalteolaíoch shuntasach ag baint leis agus ar láithreán taighde déantúsaíochta nua-aimseartha freisin atá chun tosaigh i ndearadh agus déantúsaíocht spáis.
Beidh deis ag na rannpháirtithe freisin ar eolas a chur ar príomhchuideachtaí Éireannacha éagsúla atá ag feidhmiú in earnáil an spáis agus ar léargas a fháil ar éiceachóras thionscal spáis na hEorpa atá ag athrú go tapa.