Comhdháil na hUachtaránachta maidir le Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (MSCA): An tSoghluaisteacht a cheiliúradh, an Athléimneacht a mhúnlú

Comhdháil / Collóiciam / Seimineár
Eolaí baineann agus turgnamh á dhéanamh aici

Eolas praiticiúil

Dáta

4 - 5 Samhain 2026

Suíomh

Baile Átha Cliath, Éire

Eagraí

An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta

I gComhdháil na hUachtaránachta maidir le Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (MSCA), 2026, díreofar ar ghairmeacha taighde athléimneacha mar an lionsa beartais lárnach aontaitheach trína scrúdaítear seifteanna amhail gnéithe sin shoghluaisteacht na dtrí i den chomhoibriú is den tarraingteacht.

Gairmeacha taighde athléimneacha téama Chomhdháil na hUachtaránachta, 2026, maidir le MSCA, a bheidh ar siúl tráth a bheifear ag comóradh 30 bliain bhunú MSCA.

Sa chomhdháil, díreofar ar an gcaoi ar féidir le MSCA agus leis na hinstitiúidí Eorpacha treisiú le cumas na hEorpa taighdeoirí a mhealladh, a choinneáil agus a chumhachtú trí thacú le gairmeacha taighde atá cobhsaí, inbhuanaithe agus nasctha ar fud an domhain. Déanfar ceist a shuaitheadh lena linn, eadhon conas is féidir tacú, ar bhealach níos fearr, le taighdeoirí i bhfianaise na héiginnteachta atá ann, lena n-áirítear an timpeallacht gheopholaitiúil, agus margadh saothair atá ag athrú go tapa.

Déanfar scrúdú lena linn freisin ar an gcuma a bhí ar MSCA san am a chuaigh thart, ar an gcuma atá air san am i láthair, agus ar an gcuma a bheidh air san am atá le teacht, i bhfianaise éiceachóras taighde agus nuálaíochta iomlaoideach na hEorpa.

Sa chomhdháil, tiocfaidh taighdeoirí luathghairme, lucht déanta beartas, ceannairí ollscoile, oifigigh rialtais agus ionadaithe tionscail ó gach cearn den Eoraip le chéile. Beidh an chomhdháil bhliantúil ar MSCA sa Danmhairg in 2025 ina bonn léi agus réiteoidh sí an bealach d'idirphlé leanúnach ar bheartais in 2027 sa Liotuáin.

Rachtaidh Éire i gceann na hUachtaránachta ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh tráth a bheidh plé criticiúil agus pleanáil á ndéanamh maidir leis an gcéad Chlár Réime Eorpach eile um Thaighde, FP10. Beidh deis luachmhar sa chomhdháil breithniú a dhéanamh i dtaobh conas is féidir leis an Eoraip tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’fhorbairt gairmeacha taighde athléimneacha mar chuid de FP10.

Beidh sí ina cuidiú le bonn a chur faoi bheartas taighde na hEorpa agus é a mhúnlú, le líonraí a neartú agus le deiseanna ar dhul i mbun machnaimh a chothú. Sa chomhdháil freisin, déanfar an méid atá bainte amach go dtí seo a chur i gcuntas agus spreagfar smaointe nua chun a bhfuil i ndán do MSCA a mhúnlú go ceann 30 bliain eile.