Tiocfaidh Ataiséanna Oideachais ó Bhallstáit an AE le chéile chun plé a dhéanamh ar bheartais agus ar ghnóthaí atá idir lámha i réimse an Oideachais.
Beidh deis ag na hAtaiséanna ar chomhar a dhéanamh go díreach leis na cleachtóirí oideachais agus leis na príomhpháirtithe leasmhara ar fud na hearnála. Sa chlár, léireofar tosaíochtaí beartais na hÉireann i leith na hUachtaránachta, mar aon le cleachtais nuálacha agus láidreachtaí córais na hÉireann, agus, thairis sin, beidh deis ann ar phlé a dhéanamh, ar thaithí a mhalartú, agus ar thuiscint níos doimhne a chothú ar an gcaoi a ndéantar ár gcuir chuige a fhorbairt agus a chur chun feidhme iarbhír.
Sa chruinniú, tacófar le tuilleadh comhair ar leibhéal an AE agus treiseofar leis an gcaidreamh idir na Ballstáit.