Cruinniú neamhfhoirmiuil de shaineolaithe sin an Choiste um an mBeartas Trádála a bhíonn ag plé le saincheisteanna seirbhísí agus infheistíochta.
Tiocfaidh saineolaithe atá ina n-údar ar shaincheisteanna seirbhísí agus infheistíochta ó Bhallstáit an AE le chéile in Éirinn. Tugann an grúpa seo cúnamh don Choimisiún Eorpach, agus cuireann sé comhairle air, nuair a dhéanann sé caibidlíocht thar ceann an AE san Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus le tíortha nach bhfuil san AE a mhéid a bhaineann le gnéithe seirbhísí agus infheistíochta. Le linn an chruinnithe, malartófar tuairimí maidir leis na saincheisteanna is déanaí a bhaineann le trádáil idirnáisiúnta seirbhísí agus le beartas infheistíochta an AE.