Beidh an naoú cruinniú den Chomhphobal Polaitiúil Eorpach (EPC) ar siúl i mBaile Átha Cliath an 12 Samhain 2026.
Is i mBaile Átha Cliath, in Éirinn, a bheidh an naoú cruinniú den Chomhphobal Polaitiúil Eorpach (EPC) ar siúl. Sa chruinniú, tiocfaidh Cinn Stáit nó Rialtais agus ceannairí príomhinstitiúidí Eorpacha agus idirnáisiúnta le chéile chun dul i mbun plé polaitiúil agus straitéiseach neamhfhoirmiúil i dteannta a chéile.
Tacaíonn an Comhphobal Polaitiúil Eorpach le hidirphlé agus comhar a bheith á ndéanamh ar fud na hEorpa i dtaca le saincheisteanna comhleasa, d’fhonn an tslándáil, an chobhsaíocht agus an rathúnas a chur chun cinn ar fud na hilchríche.