Cruinniú den Fhóram Straitéiseach Eorpach um Bonneagair Thaighde (ESFRI) agus Imeacht den Fhóram Straitéiseach Eorpach um Bonneagair Thaighde (ESFRI) le haghaidh páirtithe leasmhara

Comhdháil / Collóiciam / Seimineár
Eolaí ag déanamh iniúchadh ar threithchineálacha de Aspergillus fumigatus aonraithe ó ithir chun frithsheasmhacht antafhungasach a fhiosrú

Eolas praiticiúil

Dáta

22 - 24 Meán Fómhair 2026

Suíomh

Corcaigh, Éire

Eagraí

An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta

Is ardán é Fóram Páirtithe Leasmhara ESFRI chun páirtithe leasmhara a mhealladh, chun feasacht a mhúscailt ar fud éiceachóras an bhonneagair taighde (RI), agus chun comhar agus foghlaim fhrithpháirteach a éascú i leith seirbhísí RI nua agus feabhsaithe.

Is iad príomhchuspóirí Fhóram Páirtithe Leasmhara ESFRI bealach cumarsáide struchtúrtha, cuiditheach sa dá threo le pobal leathan páirtithe leasmhara a chruthú, comhtháthú níos fearr na RInna i bpobail ghaolmhara a chur chun cinn agus rannchuidiú le seirbhísí feabhsaithe na RInna.

San Fhóram, féachfar le plé a chothú, a bheidh dírithe ar bheartais, ar chomhordú, ar athléimneacht agus ar ailíniú straitéiseach a neartú i mbonneagar taighde na hEorpa.

San imeacht, tabharfar aghaidh ar an gcomhdhlúthú trí chláir rochtana comhtháite, agus freisin ar neamhspleáchas agus athléimneacht sonraí taighde, agus, thairis sin, scrúdófar na sineirgí atá ann sna réimsí uile, comhordú le Bonneagair Theicneolaíocha, ríomh-bhonneagair, agus ionstraimí Eorpacha atá ag teacht chun cinn amhail EDICanna. Rannchuideoidh an plé le cur chun feidhme Chlár Oibre Beartais LET, 2025 – 2027, agus cuirfidh sé bonn eolais faoi ullmhú Threochlár ESFRI, 2026, agus Thuarascáil Straitéise ESFRI.

San Fhóram, tiocfaidh réimse leathan rannpháirtithe le chéile, lena n-áirítear:

  • Comhaltaí toscaireachta ESFRI.

  • Oifigigh ó aireachtaí agus gníomhaireachtaí rialtais ábhartha agus ó sheirbhísí den Choimisiún Eorpach (AS RTD, AS Connect, an Eoraip Dhigiteach agus cláir ábhartha eile den AE).

  • Ionadaithe ó Thionscadail Bhonneagair Taighde agus Saoráidí Bonneagair Taighde ESFRI agus ó Chuibhreannais don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERICanna), ó Fhóram ERIC, Rannpháirtithe de chuid Fhóram EIRO ó eagraíochtaí móra lena n-áirítear ollscoileanna, eagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta agus comhpháirtithe tionsclaíocha.

  • Bonneagair Theicneolaíochta, ríomh-bhonneagair, Comhaltaí de Chumainn Ollscoile

  • Tionscnaimh Eorpacha ábhartha (e.g. EDICnna, EOSC agus spásanna eile sonraí ábhartha).