Tá an Mheitheal um Bearta Struchtúracha agus na Réigiúin is Forimeallaí (SMOR) freagrach as sainchesiteanna a bhaineann le comhtháthú agus comhar críochach an AE.
Is é an Beartas Comhtháthaithe príomhstraitéis infheistíochta an Aontais Eorpaigh chun laghdú a dhéanamh ar éagothromaíochtaí eacnamaíocha, sóisialta agus críochacha i measc réigiún.
Ar an meitheal, tá saineolaithe náisiúnta ó Bhallstáit uile an AE, ar saineolaithe iad atá lonnaithe sa Bhruiséil go príomha, agus tugann saineolaithe ó na príomhchathracha cúnamh dóibh sin agus iad ag plé le hábhair shoonracha.
Tá sé d'aidhm ag an gCruinniú Neamhfhoirmiúil seo léargas a thabhairt, trí bhíthin roinnt cuairteanna tionscadail, ar chur chuige na hÉireann i leith cistí comhtháthaithe a chur chun feidhme.