Cruinniú neamhfhoirmiuil de na hAirí Comhshaoil (ENVI)

Cruinniú aireachta neamhfhoirmiúil
Teochtaí nach bhfacthas riamh cheana i ndeisceart na Graonlainne, Meán Fómhair 2024

Eolas praiticiúil

Dáta

23 - 24 Iúil 2026

Suíomh

Baile Átha Cliath, Éire

Eagraí

An Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil

Beidh cruinniú neamhfhoirmiúil d'Airí sin an AE atá freagrach as an gcomhshaol agus as an aeráid ar siúl an 23 agus an 24 Iúil i mBaile Átha Cliath.

Is é Aire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil na hÉireann, Darragh O'Brien, TD, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú neamhfhoirmiúil agus tiocfaidh Airí sin an AE atá freagrach as an mbeartas comhshaoil agus aeráide, in éineacht le hionadaithe ón gCoimisiún Eorpach agus ó thíortha comhpháirtíochta ar tugadh cuireadh chuig an gcruinniú dóibh, le chéile ann.

Sa chruinniú, beidh deis ag na hAirí ar thuairimí a mhalartú ar na dúshláin aeráide agus chomhshaoil fhadtéarmacha a bhfuil an tAontas Eorpach ag dul i ngleic leo.

Sa chruinniú freisin, beidh caoi ar phlé neamhfhoirmiúil agus réamhbhreathnaitheach a dhéanamh roimh chruinnithe foirmiúla sin Chomhairle ENVI a bheidh ar siúl i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Nollag.