Beidh cruinniú neamhfhoirmiúil d'Airí sin an AE atá freagrach as an bhfostaíocht agus as gnóthaí sóisialta ar siúl an 5 agus an 6 Iúil i mBéal an Átha, Contae Mhaigh Eo.
Is é Aire Coimirce Sóisialaí na hÉireann, Dara Calleary, TD, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú.
Sa chruinniú neamhfhoirmiúil, tiocfaidh Airí ó Bhallstáit an AE, ionadaithe ar an gCoimisiún Eorpach agus rannpháirtithe ar tugadh cuireadh chuig an gcruinniú dóibh, na Comhpháirtithe Sóisialta Eorpacha san áireamh, le chéile chun tosaíochtaí comhroinnte ar fud an Aontais Eorpaigh, i leith na fostaíochta agus i leith an bheartais shóisialta, a phlé.
Ós rud é gur cruinniú neamhfhoirmiúil a bheidh ann, beidh deis ann ar idirphlé straitéiseach a dhéanamh agus ar thuairimí a mhalartú roimh chruinnithe foirmiúla Chomhairle EPSCO i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Nollag.
Imeachtaí gaolmhara eile
-
Cruinniú Ardleibhéil d'Ard-Stiúrthóirí na nInstitiúidí Staidrimh Náisiúnta
3 Meán Fómhair
Baile Átha Cliath