Cruinniú neamhfhoirmiúil de na hAirí Gnóthaí Eachtracha (Gymnich)

Cruinniú aireachta neamhfhoirmiúil
Bratacha na hÚcráine ar Chearnóg na Saoirse (Maidan na hÚcráine) i gcuimhne ar na saighdiúirí a maraíodh

Eolas praiticiúil

Dáta

1 - 2 Meán Fómhair 2026

Suíomh

Cill Mhantáin, Éire

Eagraí

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Beidh cruinniú neamhfhoirmiúil d’Airí sin an AE atá freagrach as gnóthaí eachtracha (Gymnich) ar siúl an 1 agus an 2 Meán Fómhair i gCill Mhantáin.

Is í Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála na hÉireann, Helen McEntee, TD, i gcomhar leis an Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Kaja Kallas, a reáchtálfaidh cruinniú neamhfhoirmiúil d’Airí Gnóthaí Eachtracha an AE, a dtugtar Gymnich air freisin.

Bíonn Gymnich ar siúl gach sé mhí agus bíonn deis ag na hAirí lena linn ar dhul i mbun plé trédhearcach agus straitéiseach ar na forbairtí geopholaitiúla reatha agus ar ról an Aontais Eorpaigh ar an bhfód idirnáisiúnta.

Fearacht chruinnithe rialta na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, is é an tArdionadaí/Leas-Uachtarán a dhéanann cathaoirleacht ar Gymnich. Mar chuid den Uachtaránacht, beidh ról ag Éirinn i ndáil leis an bplé a ullmhú agus a mhúnlú agus i ndáil le spéis a mhúscailt sna saincheisteanna tosaíochta.

Tri obair Gymnich agus obair na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, tabharfaidh Uachtaránacht na hÉireann tús áite do phríomhspriocanna agus príomhluachanna straitéiseacha an AE, agus, ar an gcaoi sin, tacóidh sí le cur chuige comhleanúnach i leith obair fhoirmíochtaí uile na Comhairle agus sinn ag féachaint lena gcur chun cinn.