Beidh cruinniú neamhfhoirmiúil d'Airí sin an AE atá freagrach as an iompar ar siúl an 20 agus an 21 Meán Fómhair i mBaile Átha Cliath.
Sa chruinniú neamhfhoirmiúil, tiocfaidh Airí Iompair an AE, ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach agus oifigigh shinsearacha le chéile chun plé a dhéanamh ar na dúshláin chomhchoiteanna agus na príomfhorbairtí sa bheartas iompair Eorpach.
Sa chruinniú, beidh deis ar phlé a dhéanamh ar an dóigh arb é líonra iompair an AE an crann taca don mhargadh aonair, agus ar conas ba cheart an beartas iompair ar leibhéal an AE a athrú d'fhonn tacú le hAontas sábháilte, slán, athléimneach agus iomaíoch san am atá le teacht.
Ós rud é gur cruinniú neamhfhoirmiúil a bheidh ann, beifear in ann dul i mbun idirphlé cuiditheach agus tuairimí a mhalartú d'fhonn ullmhú a dhéanamh i gcomhair an chruinnithe fhoirmiúil den Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh (Iompar) i mí na Samhna.