Beidh cruinniú neamhfhoirmiúil d’Airí sin an AE atá freagrach as an oideachas ar siúl an 15 agus an 16 Deireadh Fómhair i mBaile Átha Cliath.
Déanfaidh beirt Airí – an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton, TD, agus an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, James Lawless, TD – cathaoirleacht ar an gcruinniú seo i dteannta a chéile agus déanfaidh siad é a reáchtáil i dteannta a chéile freisin. Tá sé d’aidhm ag an gcruinniú seo Airí sin an AE atá freagrach as an Oideachas, an bunoideachas, an t-oideachas iar-bhunscoile, an t-oideachas treasach, agus an t-oideachas don aos óg san áireamh, a thabhairt le chéile chun go bhféadfar dul i mbun plé grinn ar thosaíochtaí comhroinnte, ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn, agus ar na deiseanna atá ann ar threisiú leis an gcomhar.
Sa chruinniú, tabharfar caoi do na hAirí ar mhalartuithe straitéiseacha a dhéanamh, ar bhealach neamhfhoirmiúil, roimh chruinniú foirmiúil sin na Comhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt (Oideachas) a bheidh ar siúl i mí na Samhna.