Cruinniú neamhfhoirmiúil de na hAirí Sláinte

Cruinniú aireachta neamhfhoirmiúil
Tástáil diaibéitis

Eolas praiticiúil

Dáta

30 Meán Fómhair - 1 Deireadh Fómhair 2026

Suíomh

Baile Átha Cliath, Éire

Eagraí

An Roinn Sláinte

Beidh cruinniú neamhfhoirmiúil d'Airí sin an AE atá freagrach as an tsláinte ar siúl an 30 Meán Fómhair agus an 1 Deireadh Fómhair i mBaile Átha Cliath.

Is í Aire Sláinte na hÉireann, Jennifer Carroll MacNeill, TD, a bheidh ina cathaoirleach ar an gcruinniú neamhfhoirmiúil agus tiocfaidh Airí Sláinte ó Bhallstáit an AE agus ó náisiúin Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE), mar aon leis an gCoimisinéir Eorpach atá freagrach as Sláinte agus Leas Ainmhithe, Stiúrthóir Réigiúnach na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) don Eoraip, agus Ceann na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí, le chéile ann.

Beidh an cruinniú seo ina fhóram tiomnaithe ina bhféadfaidh na hAirí dul i mbun plé trédhearcach agus réamhbhreathnaitheach ar shláinte an daonra, ar an nuálaíocht, ar eolaíochtaí na beatha agus ar iomaíochas na gcóras sláinte. I rith an lae, sa phlé a dhéanfar, díreofar ar an gcaoi ar féidir le comhar an AE neamhionannais sláinte a laghdú, córais sláinte a neartú, agus stádas na hEorpa mar cheannaire domhanda sa tsláinte agus in eolaíochtaí na beatha a fheabhsú, agus fós feabhas a chur ar shláinte agus dea-bhail daoine ar fud an Aontais.

Déanfaidh na hAirí plé ar an ról lárnach atá ag córais sláinte láidre agus athléimneacha agus iad ina mbonn chun torthaí sláinte níos fearr a bhaint amach agus chun feidhmíocht eacnamaíoch mhaith a spreagadh. Trí thacú leis an caipiteal daonna, trí bhorradh a chur faoin táirgiúlacht, agus trí nuálaíocht agus comhtháthú sóisialta a chothú, tá córais sláinte ina ndlúthchuid d’iomaíochas na hEorpa. Déanfaidh na rannpháirtithe scrúdú ar an dóigh ar féidir le hinfheistíocht spriocdhírithe sa nuálaíocht ardluacha — sa taighde sláinte, sa bhith-theicneolaíocht agus sa chlaochlú digiteach — i dteannta dul chun cinn i leith na teicneolaíochta, i leith sonraí agus i leith samhlacha cúraim, an bealach a réiteach d'idirghabháil níos luaithe, do sheirbhísí níos éifeachtúla agus do rochtain níos cothroime ar chúram.

I gcás na dtéamaí sin go léir, is é an breisluach atá ann do thíortha an AE ná rochtain níos fearr ar chógais agus ar theicneolaíocht leighis agus is é an breisluach atá ann do shaoránaigh an AE ná rochtain níos fearr ar chúram ardcháilíochta, nuálach agus athléimneach.  Is féidir, mar gheall ar shamhlacha nua cúraim chomhtháite, choiscthigh, phobalbhunaithe agus bhaile, feabhas a chur ar leanúnachas an chúraim agus ar chaighdeán na beatha ar bhonn cothrom agus beidh comhordú agus comhar níos láidre san AE ríthábhachtach chun treisiú le hathléimneacht agus nuálaíocht ár seirbhísí sláinte agus ár n-éiceachórais eolaíochtaí beatha.