Cruinniú neamhfhoirmiúil de Stiúrthóirí COTRA

An Coiste Polaitiúil agus Slándála

Eolas praiticiúil

Dáta

17 Samhain 2026

Suíomh

Baile Átha Cliath, Éire

Eagraí

An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Is faoi gach Uachtaránacht a reáchtáiltear Cruinniú Neamhfhoirmiúil Stiúrthóirí COTRA agus tagann na hoifigigh náisiúnta sin a bhfuil cúram an chaidrimh thrasatlantaigh orthu le chéile ann.

Is faoi gach seal d'Uachtaránacht Chomhairle an AE a reáchtáiltear cruinniú neamhfhoirmiúil de Stiúrthóirí COTRA, a mbíonn na hoifigigh shinsearacha sin ó phríomhchathracha náisiúnta a bhíonn ag plé leis an gcaidreamh déthaobhach leis na Stáit Aontaithe agus le Ceanada i láthair aige. Fágann sé sin deis a bheith ag príomhchathracha ar fhaisnéis a mhalartú maidir leis an obair atá ar bun agus ar smaointe agus tuairimí a mhalartú.

Reáchtáiltear an cruinniú seo i gcomhpháirt leis an gCruinniú Neamhfhoirmiúil de Stiúrthóirí COLAC toisc an t-ábhar céanna a bheith á chumhdach i bpunanna roinnt toscairí.

Iadsan a bheidh i láthair aige, glacfaidh siad páirt i ngníomhaíochtaí cultúrtha agus iad i mBaile Átha Cliath.