Beidh cruinniú neamhfhoirmiúil d'Airí sin an AE atá freagrach as cosaint tomhaltóirí ar siúl an 19 agus an 20 Samhain i mBaile Átha Cliath.
Is é Aire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta na hÉireann, Peter Burke, TD, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú. Tiocfaidh Airí ó gach cearn den AE le chéile ann. Airí iad sin atá freagrach as gnóthaí tomhaltóirí.
Sa chruinniú, beidh deis ag na hAirí ar thuairimí a mhalartú maidir leis na dúshláin atá ag teacht chun cinn i ndáil le cosaint tomhaltóirí agus maidir leis na mórthosaíochtaí straitéiseacha a bhfuil difear á dhéanamh acu do thomhaltóirí ar fud an Aontais Eorpaigh.
Ós rud é gur cruinniú neamhfhoirmiúil a bheidh ann, beidh na toscairí a mbeidh páirt á glacadh acu ann in ann dul i mbun idirphlé straitéiseach agus i mbun comhair.
Imeachtaí gaolmhara eile
-
Cruinniú Ardleibhéil d'Ard-Stiúrthóirí na nInstitiúidí Staidrimh Náisiúnta
3 Meán Fómhair
Baile Átha Cliath