Cuairt Choláiste na gCoimisinéirí

An Coiste Polaitiúil agus Slándála

Eolas praiticiúil

Dáta

2 - 3 Iúil 2026

Suíomh

Corcaigh, Éire

Eagraí

Rionn an Taoisigh

Tabharfaidh Coláiste na gCoimisinéirí cuairt ar Éirinn an 2 agus an 3 Iúil 2026 agus is i gCorcaigh a thiocfaidh siad le chéile.

Mar chuid d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, beidh cruinniú idir Coláiste na gCoimisinéirí agus comhaltaí de Rialtas na hÉireann chun plé a dhéanamh ar cheisteanna iomadúla i leith bheartais an AE.

Le linn na cuairte, beidh deis ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Uachtaránacht na hÉireann ar dhul i mbun comhar straitéiseach ó thus théarma na hUachtaránachta. Sa phlé a dhéanfar, díreofar ar phríomhréimsí beartais sin an AE a bhaineann le tosaíochtaí na hUachtaránachta agus is amhlaidh, chun clabhsúr a chur ar an bplé, a reáchtálfar seisiún iomlánach a ndéanfaidh an Taoiseach, Micheál Martin, TD, agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, cathaoirleacht air.