I gComhdháil Bhliantúil Fhóram Breithiúna an AE don Chomhshaol, déantar cur i bhfeidhm dhlí comhshaoil na hEorpa i gcúirteanna náisiúnta a mheas.
Bíonn cruinniú ag Fóram Breithiúna an AE don Chomhshaol (EUFJE) gach bliain i bpríomhchathair an Bhallstáit sin a bhfuil an Uachtaránacht aige.
Bíonn breithiúna a bhfuil suim acu i ndlí an chomhshaoil agus ar comhaltaí iad de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, den Chúirt Eorpach um Chearta an Duine nó de chúirt nó binse i mBallstát den AE, i mBallstát de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa nó i mBallstát a bhí in eagraíocht den sórt sin, mar aon le haon eagraíocht bhreithiúnach nó breithiúna i gceann de na stáit sin, i láthair ag an gcomhdháil.