Is é atá i nGrúpa Ardleibhéil an AE um an tSábháilteacht ar Bhóithre Grúpa Saineolaithe foirmiúil de chuid an Choimisiúin Eorpaigh ina bhfuil ionadaithe sinsearacha ó gach ceann de Bhallstáit an AE.
Beidh oifigigh shinsearacha ó gach Ballstát den Aontas Eorpach atá freagrach as beartais i réimse na Sábháilteachta ar Bhóithre agus Coimisiún an AE i láthair ag an gcruinniú den Ghrúpa Ardleibhéil um an tSábháilteacht ar Bhóithre.
Tugann an Grúpa Ardleibhéil caoi thábhachtach do na Ballstáit ar chomhar a dhéanamh i leith na Sábháilteachta ar Bhóithre, lena n-áirítear dea-chleachtais a bheith á gcomhroinnt ag na Ballstáit. Ina theannta sin, tugann sé deis do na Ballstáit agus an Coimisiún ar dhul i mbun idirphlé ar an tsábháilteacht ar bhóithre lena n-áirítear cur chun feidhme Chreat Beartais an AE um an tSábháilteacht ar Bhóithre agus réimsí eile spéise.