Laethanta na nÚsáideoirí, Imeacht de chuid EuroHPC, 2026

Comhdháil / Collóiciam / Seimineár
Fear ag baint úsáid as gléas cinn réaltachta fíorúla i halla taispeántais

Eolas praiticiúil

Dáta

22 - 24 Meán Fómhair 2026

Suíomh

Baile Átha Cliath, Éire

Eagraí

An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta

Beidh an ceathrú heagrán den chomhdháil dar teideal 'Laethanta na nÚsáideoirí', arb imeacht de chuid Chomhghnóthas na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaí (EuroHPC JU) í, ar siúl i mBaile Átha Cliath idir an 22 agus an 24 Meán Fómhair 2026.

Is é Comhghnóthas na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaí (EuroHPC JU) a eagraíonn Laethanta na nÚsáideoirí. Bunaíodh an Comhghnóthas in 2018 chun go bhféadfaí a bheith ar thús cadhnaíochta sa tsár-ríomhaireacht Eorpach. Cuireann sé ar a gcumas do na tíortha rannpháirteacha iarrachtaí a dhéanamh i dteannta a chéile agus a gcuid acmhainní a thabhairt i gceann a chéile i dtreo is go bhféadfaidh an Eoraip a bheith ina ceannaire domhanda sa tsár-ríomhaireacht. Cuireann sé sin borradh faoi bharr feabhais eolaíochta agus neart tionsclaíoch an Aontais, cuireann sé dlús le claochlú digiteach gheilleagar an Aontais, agus, thairis sin, caomhnaíonn sé ceannasacht teicneolaíochta an Aontais.

Iadsan a fhreastalóidh ar an gcomhdháil dar teideal 'Laethanta na nÚsáideoirí', beidh siad in ann tionscadail sin EuroHPC, a mbeidh úsaid bainte as acmhainní de chuid na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaí lena gcur i gcrích, a thaispeáint, beidh siad in ann dea-chleachtais i ndéanamh na dtionscadal úd a chomhroinnt le chéile, beidh siad in ann aiseolas a fháil ó úsáideoirí EuroHPC, agus beidh siad in ann oibriú i gcomhar leosan a d'fhéadfadh a bheith ina n-úsáideoirí úra.

San imeacht seo, beidh deis ag úsáideoirí na sár-ríomhaireachta san Eoraip ar fheabhas a chur ar a dtuiscint ar na deiseanna a bhíonn á gcur ar fáil ag Comhghnóthas na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaí agus ar an tacaíocht atá ar fáil d'úsáideoirí.