Comhdháil ina ndíreofar ar na príomhchinnteoirí is na príomstátseirbhísigh rialtais ar fud an AE a bhfuil tionchar acu ar an mbeartas ailtireachta agus riar tionscadal ailtireachta.
Is é atá in EDAP líonra neamhfhoirmiúil d’oifigigh phoiblí Eorpacha atá freagrach as na beartais ailtireachta náisiúnta. Tagann sé le chéile faoi gach Uachtaránacht ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh d'fhonn comhordú a dhéanamh ar thionscnaimh agus ar mhalartuithe atá dírithe ar thimpeallacht mhaireachtála ardcháilíochta do chách uile a chur chun cinn tríd an ailtireacht agus tríd an gcáilíocht spásúil.
Beidh deis sa chruinniú tuairimí ar na tosaíochtaí reatha i leith an bheartais ailtireachta a mhalartú, taithí náisiúnta a chomhroinnt, agus scrúdú a dhéanamh ar bhealaí le treisiú leis an gcomhar ar an leibhéal Eorpach.
Imeachtaí gaolmhara eile
-
Cruinniú den Mheitheal um Ainmhithe agus Ceisteanna Tréidliachta (na Príomhoifigigh Thréidliachta)
14 Meán Fómhair
Cill Chainnigh