Is dúshláin thromchúiseacha iad cogadh ionsaitheach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, na coimhlintí sa Mheánoirthear agus sa Mhurascaill, agus teacht chun cinn bagairtí nua agus cineálacha nua cogaíochta. Ní mór dúinn oibriú le chéile chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo, a léirigh an gá atá ann don Eoraip infheistiú i ngach gné dár slándáil féin agus ár gcumas cosanta a fhorbairt. Oibreoidh Uachtaránacht na hÉireann chun bearta a chur chun cinn a chuirfidh le slándáil agus cosaint na hEorpa a neartú.
Beidh tacaíocht ghníomhach don Úcráin ina tosaíocht shainiúil d'Uachtaránacht na hÉireann. Oibreoimid chun a chinntiú go mbeidh ag an Úcráin an méid atá uaithi chun í féin a chosaint ar ionsaí na Rúise, agus tacóimid leis an Úcráin chun a hacmhainneacht, comhordú leis an AE agus comhoibriú le comhpháirtithe a chur chun cinn.
Cuirfimid obair ar aghaidh ar an Straitéis Slándála Eorpach nua atá beartaithe, a bhfuil sé mar aidhm aici freagairt do na dúshláin gheo-straitéiseacha atá roimh an Aontas Eorpach. Cuirfidh Uachtaránacht na hÉireann obair ar aghaidh ar na bearta atá leagtha amach sa Pháipéar Bán ar Thodhchaí na Cosanta Eorpaí agus i dTreochlár 2030 maidir le hUllmhacht Cosanta a bhaineann leis sin, agus ar sholáthar cosanta. Tacóimid le comhoibriú chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí criticiúla cumais agus athléimneacht a thógáil, lena n-áirítear i bhfianaise bagairtí hibrideacha. Cuirfimid obair ar an rialachán atá beartaithe maidir le soghluaisteacht mhíleata chun cinn agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála muirí agus ar shlándáil bonneagair chriticiúil. Tacóidh Uachtaránacht na hÉireann le hobair leanúnach an Aontais maidir le cibearshlándáil a neartú, bagairtí hibrideacha a chomhrac agus frithsceimhlitheoireacht idirnáisiúnta. Cuirfimid dlúthchomhar chun cinn le stáit nach Ballstáit den Aontas iad atá ar aon intinn linn, leis na NA, leis an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip agus leis Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT).
Cuirfimid béim ar ról lárnach Chomhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) an AE, agus a chion tábhachtach le slándáil an AE. Cuirfidh Uachtaránacht na hÉireann forbairt agus éabhlóid CBSC chun cinn chun a chinntiú go bhfanfaidh sé freagrúil do ghéarchéimeanna leanúnacha.
Tabharfaimid aghaidh ar shlándáil na hEorpa ina gnéithe uile. Oibreoimid chun slándáil chomhshaoil a fheabhsú mar ghné thábhachtach de chlár oibre Uachtaránacht na hÉireann. Tabharfar aird ar leith ar ghníomhaíocht aeráide a bhrostú ar leibhéal an AE agus ar leibhéal idirnáisiúnta chomh maith le ceannaireacht dhomhanda an AE maidir le cúrsaí aeráide agus bithéagsúlachta, lena n-áirítear ag comhdhálacha ábhartha de chuid na NA. Cuirfimid obair ar aghaidh freisin chun an geilleagar ciorclach a chur chun cinn agus a fhorbairt. Oibreoimid chun slándáil eacnamaíoch a neartú, slándáil sláinte níos fearr a thógáil agus slándáil bia na hEorpa a threisiú.
Laistigh den Aontas, cuirfimid bearta chun cinn chun comhar trasteorann níos mó a éascú sa chomhrac i gcoinne na coireachta tromchúisí agus eagraithe agus chun aghaidh a thabhairt ar smuigleáil imirceach agus ar gháinneáil arm tine. Tacóidh Uachtaránacht na hÉireann le comhar feabhsaithe chun cur isteach ar shamhlacha maoiniúcháin na coireachta eagraithe, chun athléimneacht agus slándáil chalafoirt agus bhonneagar criticiúil na hEorpa a neartú, agus chun feabhas a chur ar an gcomhar oibríochtúil lena ndírítear ar líonraí coiriúla trasnáisiúnta. Díreoidh Uachtaránacht na hÉireann freisin ar chur i bhfeidhm iomlán an Chomhshocraithe maidir le hImirce agus Tearmann. Tabharfaimid tús áite do bheith ag bhogadh i dtreo chur chun feidhme beart agus do reachtaíocht a chur chun cinn d’fhonn filleadh na n-imirceach a éascú agus maidir le digitiú na bhfillteacha.