Comhlacht laistigh den Aontas Eorpach is ea Coiste na gCigirí Sinsearacha Saothair (SLIC) a fhéachann le feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an gcomhordú idir seirbhísí cigireachta saothair náisiúnta i mBallstáit uile an Aontais Eorpaigh.
Sa chruinniú iomlánach, tiocfaidh ionadaithe sinsearacha ó Bhallstáit an AE, maille le príomheagraíochtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta, le chéile chun tosaíochtaí a phlé, chun saineolas a mhalartú, agus chun treisiú leis an gcomhar maidir le sábháilteacht san ionad oibre agus maidir le saincheisteanna a bhaineann le cúrsaí saothair.
Mar chuid den chlár, rachfar i mbun plé straitéiseach, déanfar cuir i láthair, agus reáchtálfar seisiúin chomhoibríocha ina ndíreofar ar na tosaíochtaí atá ann faoi láthair agus ar na tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn ar fud na hEorpa.