Bíonn Frontex, arb é an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta é, ag tacú le Ballstáit an AE agus na tíortha atá comhlachaithe le Schengen agus teorainneacha seachtracha an AE á mbainistiú acu agus coireacht trasteorann á comhrac acu.
Freastalóidh ionadaithe ó gach Ballstát ar an gCruinniú de Bhord Bainistíochta Frontex le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an AE. Sa chruinniú úd, déanfar dul chun cinn i leith ábhair a bhfuil tionchar acu ar inimirce, ar bhainistiú teorainneacha agus ar ghluaiseacht imirceach thar theorainneacha na hEorpa, agus tabharfar aghaidh ar na hábhair sin.