Beidh cruinniú neamhfhoirmiúil d'Airí sin an AE atá freagrach as an gceartas agus as gnóthaí baile ar siúl an 16 agus an 17 Iúil i mBaile Átha Cliath.
Is é Aire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce na hÉireann, Jim O’Callaghan, TD, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú.
Tá an Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile (CGB) freagrach as beartais an Aontais Eorpaigh maidir le coireacht a chomhrac, maidir le comhar breithiúnach, maidir le comhar póilíneachta agus maidir le comhar i leith saincheisteanna inimirce, teorainneacha agus tearmainn. Ina theannta sin, forbraíonn sé comhar agus comhbheartais maidir le saincheisteanna trasteorann éagsúla, d'fhonn an limistéar saoirse, slándála agus ceartais uile-Aontais a neartú tuilleadh.
Le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, sa chlár oibre um Cheartas agus Gnóthaí Baile, díreofar ar chur chuige cothrom, éifeachtach agus riailbhunaithe i leith imirce, i leith tearmainn, agus i leith cur ar ais imirceach, a chur chun cinn; ar shábháilteacht agus slándáil na hEorpa a neartú; ar dhul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe; agus ar chearta bunúsacha, an smacht reachta agus rochtain ar cheartas a chaomhnú.
Sna cruinnithe neamhfhoirmiúla de na hAirí Dlí agus Cirt agus Gnóthaí Baile i mBaile Átha Cliath, beifear in ann tuairimí a mhalartú maidir le conas na tosaíochtaí sin a chur chun cinn i réimsí ábhartha iomadúla, agus beidh deis ag na hAirí agus ag na páirtithe leasmhara ar tugadh cuireadh chuig an gcruinniú dóibh ar pháirt a ghlacadh i bplé neamhfhoirmiúil agus trédhearcach ar ábhair leasa choitinn thábhachtacha.