Comhdháil dhá lá a bheidh sa Chomhdháil ar an Smacht Reachta agus is i mBaile Átha Cliath a bheidh sí ar siúl. Oifig an Ard-Aighne agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála a reáchtálfaidh i dteannta a chéile í. Sa Chomhdháil, labhróidh saineolaithe, a mbeidh saineolas acu ar réimse leathan disciplíní, agus comhroinnfidh siad a dtuairimí ar an smacht reachta.
San imeacht seo, tiocfaidh oifigigh de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ionadaithe ó institiúidí an AE, dlíodóirí, acadóirí agus eagraíochtaí den tsochaí shibhialta le chéile.
Cloisfidh na rannpháirtithe ó pholaiteoirí sinsearacha, agus ó shaineolaithe ar an dlí, ar ghnóthaí idirnáisiúnta agus ar dhisciplíní eile agus measúnú á dhéanamh acu ar ionad bunúsach an smachta reachta san Aontas Eorpach.
In imeacht dhá lá, tabharfaidh cainteoirí agus painéalaithe a fáisceadh as cúlraí éagsúla léargas ar a ndearcthaí agus a n-anailís shaineolach ar staid an smachta reachta san Eoraip, ar cad fáth a bhfuil tábhacht leis agus ar conas is féidir linn an luach bunúsach seo dár nAontas comhroinnte a chosaint agus a chur chun cinn.